Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Éigse na Brídeoige 2014

$
0
0

Beidh Éigse na Brídeoige ar siúl in Uíbh Ráthach, Co. Chiarraí ón Aoine, 31 Eanáir – Domhnach, 02 Feabhra 2014.

Déanann an Éigse seo ceiliúradh ar Naomh Bríd agus ar na traidisiúin atá bainteach le Lá Fhéile Bríde agus déantar ceiliúradh freisin ar theacht an earraigh agus ar an athfhorás.
Is é seo an dara bliain is fiche as a chéile go bhfuil Éigse na Brídeoige á reáchtáil ag Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh.

Féile chultúrtha is ea an Éigse, a dhéanann teacht an earraigh a cheiliúradh agus, ag an am céanna, a dhíríonn ar ghné éigin d’oidhreacht agus de chultúr Uíbh Ráthaigh.
I mbliana is ar shaol agus ar shaothar file Uíbh Ráthaigh Tomás Rua Ó Súilleabháin (1785 – 1848) a bheidh an Éigse ag díriú. Comhaimsearthach le Dónal Ó Conaill, a bhí mar éarlamh aige, tá cáil ar Thomás Rua Ó Súilleabháin go h-áirithe mar gheall ar “Amhrán  na Leabhar”, an caoineadh a scríobh sé nuair a chuaigh long a bhí ag iompar a chuid leabhar go tóin poill díreach taobh amuigh de Chuan Dhoire Fhionáin. Is léargas iontach a chuid dánta agus amhráin ar shaol na cosmhuintire sa chéad leath den naoú chéad déag.

Beidh ‘An File agus an Fuascaailteoir’, ceolchoirm bunaithe ar amhráin Thomáis Rua á chur i láthair ag Lorcán Mac Mathúna le Daire Bracken agus Seán Mac Erlaine mar chuid den éigse. I rith an deireadh seachtaine beidh ceol agus amhránaíocht le ceoltóirí áitiúla le cloisteáil, ina measc Tim Dennehy, agus Seán Garvey. 

Ar an Satharn, 01 Feabhra beidh oíche spleodrach de cheoil agus d’amhránaíocht den scoth san halla pobail i mBaile an Sceilg leis an amhránaí agus an ceoltóir clúiteach Séamus Ó Beaglaoich as Baile na bPoc i gCorca Dhuibhne i gcuideacha an ceoltóir Donogh Hennessy a bhíodh leis an mbanna Lúnasa mar aon le mic léinn ó Ollscoil Luimnigh, agus an t-amhránaí aitheanta Lorcán Mac Mathúna.
 
Beidh léachtaí agus seimineár ar shaol agus ar shaothar Thomáis Rua agus ar shaol chosmhuintir na hÉireann lena linn ar siúl mar chuid den éigse. I measc na léachtóirí beidh: Dr Cormac Ó  Gráda, An Coláiste Ollscoile BAC; Dr Niall Ó Cíosáin, OÉ Gaillimh; Dr Róisín Ní Ghairbhí Coláiste Phádraig; Dr Ríonach Uí Ógáin, An Coláiste Ollscoile BAC;  agus Paddy Bushe, file.

Beidh idir léachtaí stairiúla, taispeántas scannáin, neart siamsaíochta agus ceoil mar aon le rince agus taispeántais éagsúla ar siúl ar feadh deireadh seachtaine na Brídeoige.

Tá clár na hÉigse ar fáil anseo. 

Tuilleadh eolais; Fíona de Buis |0872931463 | fdebuis@eircom.netwww.eigsenabrideoige.com 

© Gaelport.com 09 Eanáir 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: Cúnamh don bhéal triail
As na Nuachtáin: Ranganna Gaeilge an Earraigh

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>