Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Comhairliúchán Poiblí: Athbhreithniú na Gaeilge don Teastas Sóisearach

$
0
0

Tá leasaithe móra ar na bacáin don Teastas Sóisearach.  Tiocfaidh na socruithe nua i bhfeidhm ar bhonn céimiúil do mhuintir na chéad bliana ó 2014 agus tabharfar faoin scrúdú nua den chéad uair in 2017.

Soláthróidh an Roinn Oideachais réimse leathan ábhar mar ‘cúrsaí gearra’ agus beifear ag súil go roghnóidh scoileanna réimse leathan ábhar a dhéanfaidh cumas agus smaointeoireacht na ndaltaí a fhorbairt.  Táthar ag súil go mbeidh na daltaí, seachas na scrúduithe, ag croílár chur chuige mheasúnú an Teastais Shóisearaigh leasaithe.

Beidh an Ghaeilge, an Béarla agus an Mhatamaitic mar chroí-ábhair faoin gcóras nua agus tá fógartha go mbeidh an Eolaíocht ina croí-ábhar sa bhliain 2016. 

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag tabhairt faoi phróiseas comhairliúcháin maidir le cúlra athbhreithniú an chúrsa Gaeilge nua agus táthar ag fáiltiú roimh thuairimí agus aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara ina leith.

Tagann an tréimhse chomhairliúcháin ar siúl ar an bpáipéar cúlra d'athbhreithniú na Gaeilge chun críche ar Dé hAoine 17 Eanair, 2014.

Ar shuíomh an CNCM, tá suirbhé mear ar fáil, ar féidir leat a chomhlánú go tapa ag léiriú do chuid tuairimí láithreacha, chomh maith le suirbhé iomlán, atá deartha chun níos mó eolais a bhailiú ar do chuid tuairimí maidir leis na doiciméid chúrsa ar fáil thíos.

Más mian leat aighneacht a dhéanamh, bain úsáid as an seoladh tiomnaithe consultation@ncca.ie agus le do thoil scríobh isteach teideal an chúrsa lena mbaineann i líne an ábhair ar do ríomhphost.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag http://www.juniorcycle.ie/Curriculum/Consultation/Subjects/Irish

© Gaelport.com 13 Eanáir 2014

Seans go mbeadh spéis agat sna hailt eile a leanas

Athbhreithniú ar Ghaeilge an Teastais Shóisearaigh  
Éileamh ar an mBéalscrúdú Roghnach
Córas iomlán éagsúil beartaithe do chlár an Teastais Shóisearaigh

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>