Seimineár ar athbheochan teanga ag leibhéal an phobail le reáchtáil i gCluain Dolcáin ar 25 Eanáir 2014.
Seimineár lae ar bhealaí praiticiúla chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa phobal a bheas i gceist leis an seimineár atá á reáchtáil ag Coiste Ghaeilge Áras Chrónáin. Beidh painéal d'aoichainteoirí speisialta páirteach sa phlé ar an lá, ina measc beidh Emma Ní Bhroin ó Ghlór Cheatharlach, Seán Ó Maoilste ó Chairde Teo, Helena Ní Dhea ó Ghael-Taca Chorcaí agus Séamas Mac Seáin ó Ghaeltacht Bhóthair Seoighe i mBéal Feirste.
Is ar cheantair ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga mhionlaigh faoi láthair a dhíreoidh an seimineár, agus na bealaí is éifeachtaí atá ann chun an athbheochan a spreagadh.
Beidh ceardlanna ar siúl ag na haoichainteoirí bunaithe ar théamaí éagsúla idir Tógáil Páistí le Gaeilge, Imeachtaí don Aos Óg, Imeachtaí do Dhaoine fásta, An Ghaeilge san Earnáil Ghnó, Comhoibriú le hEagraíochtaí Phobail agus Lonnaíochtaí Nua.
Reáchtálfar Atógáil Phobal na Gaeilge in Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin, Baile Átha Cliath agus dúirt Cathaoirleach Choiste Ghaeilge Áras Chrónáin, Colm Ó Broin, go dtabharfaidh an seimineár deis do dhaoine an taithí atá acu ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge sa phobal a roinnt.
"Beidh muid ag díriú ar an taobh praiticiúil den athbheochan, na rudaí a oibríonn sa phobal. Tá fáilte roimh gach éinne atá ag iarraidh an Ghaeilge a atógáil mar theanga phobail, idir dhaoine atá i mbun oibre faoi láthair agus daoine atá ag machnamh ar imeachtaí nó ghrúpa pobail nua a eagrú amach anseo".
"Creideann muid go mbeidh an-tairbhe ann don athbheochan”, arsa Ó Broin.
Beidh an seimineár ag tosú ag 9.45rn Dé Sathairn, 25 Eanáir 2014, agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ó colmobroin@yahoo.ie nó 086 3927090.
©Foilsithe ar Gaelport.com 13 Eanáir 2014
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
As na Nuachtáin: Anger over State’s treatment of Irish language
Múnla Nua Maoinithe: Ceanneagraíochtaí le fógairt ar 17 Eanáir 2014
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge