Cuirfidh Gaillimh le Gaeilge fáilte roimh chomhlachtaí agus eagraíochtaí áitiúla ar mian leo páirt a ghlacadh i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh na bliana seo chuig tráthnóna eolais a reáchtálfar ar Dé Luain, 20 Eanáir 2014.
Ainmníodh an Gradam in onóir an Uasail Sheosaimh Uí Ógartaigh, ball bunaithe agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge. Sprioc an chomórtais ná comhlachtaí áitiúla a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ina gcuid oibre laethúil. Eagraítear an comórtas gach bliain i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le Cumann Tráchtála na Gaillimhe ag léiriú go bhfuil cathair na dtreabh ina cathair bheomhar dhátheangach.
Tionólfar an seisiúin eolais i mbialann An Galleon, Bóthar na Trá, Gaillimh, buaiteoir chomórtas na bliana seo caite, agus labhróidh Roger O’Sullivan ón Galleon faoin tionchar a bhí ag buachan an Ghradaim ar an mbialann agus beidh foireann Ghaillimh le Gaeilge ar fáil chun dul tríd an bpróiseas iontrála agus aon cheisteanna a fhreagairt. Beidh foirmeacha iarratais agus sólaistí ar fáil ar an oíche freisin.
Cothaítear an-spéis i nGradam Uí Ógartaigh gach bliain agus déantar neart poiblíochta ar na comhlachtaí rannpháirtithe mar chuid den chomórtas. Anuas air sin, is fiú breis agus €20,000 luach iomlán na nduaiseanna atá urraithe ag roinnt ghnóthaí áitiúla agus náisiúnta agus ainmneofar urraí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh na bliana seo ag an oíche eolais.
Ní gá do chomhlachtaí a bheith líofa sa Ghaeilge chun páirt a ghlacadh sa Ghradam agus cuirfidh Gaillimh le Gaeilge fáilte roimh iontrálacha sna ceithre catagóir a leanas:
-
Miondíol (urraithe ag Galway Bay FM)
-
Turasóireacht agus Fáilteachas (urraithe ag Fáilte Ireland)
-
Seirbhísí (urraithe ag Snap Galway)
-
Comhlachtaí Eile (urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh).
Spriocdháta d’iontrálacha ná 5.30i.n., Dé Luain, 3 Feabhra 2014.
Tá breis eolais maidir le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh agus ‘Gaeilge sa Ghnó’, seirbhís shaor in aisce a chuirtear ar fáil do ghnóthaí áitiúla ar fáil ach glaoigh ar Ghaillimh le Gaeilge, 091 568876 nó féach www.gleg.ie.
©Foilsithe ar Gaelpot.com 13 Eanáir 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
As na Nuachtáin: The forgotten language that shapes this country
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge