Tá sé fógartha ag Ionad an Léinn Éireannaigh, OÉ Gaillimh go bhfuil an damhsóir cumasach Gearóid Ó Dubháin as ceantar Iorras Aithneach i gConamara, Co. na Gaillimhe ceaptha mar Rinceoir Cónaitheach ar an Sean-nós in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh don bhliain 2014.
Tá clú agus cáil ar theaghlach Uí Dhubháin as an Aird Mhóir, Cill Chiaráin i gCo. na Gaillimhe de bharr a chumas damhsa ar an sean-nós agus de bharr a chuid ceoil.
Tá aithne mhaith ar Ghearóid Ó Dubháin mar dhamhsóir den scoth agus tá stáitsí na hÉireann roinnte aige le cuid de na hamhránaithe agus na ceoltóirí traidisiúnta is fearr dá bhfuil ann. Le blianta beaga anuas bíonn sé ag teagaisc ranganna damhsa ar an sean-nós chomh maith.
Sa bhliain 2010 d’éirigh le Gearóid ‘Corn TG4’ a chroch leis sa chomórtas rince aonair do dhaoine fásta ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne agus ba é a dheartháir Pádraic a thug leis an gCorn céanna an bhliain dar gcionn. B’iontach an éacht é Corn TG4 a thabhairt siar chomh fada leis an Aird Mhóir don dara bliain as a chéile.
Ní haon strainséir é Gearóid don teilifís ach an oiread mar gur minic a bhíonn sé le feiceáil ar TG4 agus é ag damhsa ag féilte éagsúla i rith na bliana.
Mar chuid den obair a bheidh ar siúl aige i gcaitheamh na bliana, freastalóidh Gearóid ar neart imeachtaí éagsúla san Ollscoil agus timpeall na Gaillimhe agus beidh sraith de cheardlanna ar siúl ar feadh cúig seachtaine san Aula Maxima ag tosnú ag 7pm ar an 5ú Feabhra, 2014. Tá míle fáilte roimh an bpobal freastal ar na ceardlanna seo.
©Foilsithe ar Galeport.com 15 Eanáir 2014
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge