Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Gael-Choláiste an Phiarsaigh fós gan láthair

$
0
0

Fógra ar bith tugtha ag an Roinn Oideachais maidir le suíomh na hiarbhunscoile nua

Tá tugtha le fios ag Cathaoirleach Ghael-Choláiste an Phiarsaigh, Lorcán Mac Gabhann, nach eol do Bhord Bhainistíochta na scoile cá gcuirfidh an chéad ghrúpa de dhaltaí tús lena gcuid oideachas iarbhunscoile ar 1 Meán Fómhair 2014.

Ghlac an Roinn Oideachais agus Scileanna cinneadh, breis is dhá bhliain ó shin, Gael-Choláiste a bhunú i nDún Droma, Deisceart Átha Cliath, agus cé go bhfuil 200 dalta cláraithe agus 46 acu sin ar liosta Meán Fómhair 2014, níl eolas ar bith tugtha don Bhord nó do thuismitheoirí maidir leis an áit a mbeidh an scoil lonnaithe.

Dúirt Mac Gabhann nach bhfuil aon chumarsáid dhíreach ar siúl idir an Bord Bainistíochta agus an Roinn Oideachais agus Scileanna ar an ábhar seo agus go dáta, ní raibh aon ionchur ag tuismitheoirí nó Bord an Ghael-Choláiste i roghnú an tsuímh nó i roghnú cheantar na scoile.

Dúirt Sarah Flynn, tuismitheoir amháin "go bhfuil sé deacair ar na páistí nuair nach bhfuil tuismitheoirí in ann a rá leo cá mbeidh siad ag freastal ar scoil i gceann cúpla mí agus go bhfuil an easpa eolais seo ag cur brú ar na páistí óga".

Dar le Donal Duibhginn, tuismitheoir eile, "Níl aon scoil lánGhaeilge eile ar fáil agus is é Gael-Choláiste an Phiarsaigh an seans deireanach dúinn oideachas Gaeilge a sholáthar dár bpáistí".

Tá Bord an Ghael-Choláiste ag éileamh cruinnithe ar bhonn práinneach leis an Aire Oideachais agus Scileanna maidir leis an easpa cumarsáide agus maidir leis an easpa ionchur atá ag tuismitheoirí sa phróiseas áirithe seo.

©Foilsithe ar Gaelport.com 15 Eanáir 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Atógáil Phobal na Gaeilge

Feachtas láidir ar son na Gaeilge

Roghnaigh an Ghaeilge mar dhea-rún na hAthbhliana

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>