D’eisigh Cathaoirleach agus Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair agus Steve Ó Cúláin ráiteas deireadh bliana 2013 na heagraíochta sin inniu.
Seo thíos na buaicphointí ón ráiteas sin:
Os cionn 600 post nua cruthaithe in 2013
Cruthaíodh 616 post nua i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2013. Bhí 7,650 post i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana, comhdhéanta de 6,970 post lánaimseartha agus 680 post páirtaimseartha. Nuair a thógtar líon na bpost a cailleadh san áireamh, bhí glanmhéadú 96 post i gceist.
560 post nua ceadaithe
Anuraidh, cheadaigh Údarás na Gaeltachta líon tograí ina bhfuiltear ag súil go ndéanfar infheistíocht iomlán measta de €44 milliún agus go gcruthófar 560 post nua iontu. Cruthófar breis agus leath de na poist sin i ngnólachtaí nua, agus cruthófar an chuid eile acu i gcliantchuideachtaí reatha de réir mar a bheidh siad ag forbairt a ngnóthaí. Táthar ag súil go dtiocfaidh na poist sin chun cinn in 2014 agus sna blianta ina dhiaidh sin nuair atá na tograí faoi lán seoil.
Díolachán Easpórtála
Is í an earnáil easpórtála atá ina príomh-thiománaí in athshlánú na fostaíochta agus i bhfás eacnamaíochta sa tír, agus anuraidh mhéadaigh an díolachán easpórtála i gcliantchomhlachtaí an Údaráis go €464 milliún. Is fianaise í an méadú atá tagtha ar easpórtáil iomlán, mar chéatadán de dhíolachán, ó 45% go 59% ó bhí 2008 ann, go bhfuil na comhlachtaí Gaeltachta ag cur go leor dá bhfócas ar easpórtáil.
Scéimeanna Fostaíochta Sóisialta
In 2013, fostaíodh breis agus 1,000 rannpháirtí agus 49 maor i 49 scéim ar fud na Gaeltachta. I rith na bliana, thosaigh breis agus 300 rannpháirtí nua ar na scéimeanna agus chríochnaigh breis agus 260 rannpháirtí a gclár. Meastar go bhfuil fostaíocht faighte ag 30% díobh sin a chríochnaigh a gclár. Tá na scéimeanna fostaíochta sóisialta seo lárnach i bhforbairt an phobail agus i gcothabháil gníomhaíochtaí Gaeilge sa Ghaeltacht.
Próiseas Pleanála Teanga sa Ghaeltacht
Cuireadh tús foirmiúil leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht ag deireadh 2013 nuair a rinneadh fógraí i dtaca le Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta. Tá iarratais á lorg ag an Údarás faoi láthair ó eagraíochtaí/coistí ar suim leo a bheith páirteach sa phróiseas pleanála teanga sna trí limistéir atá fógartha ( a. Ciarraí Thiar, b. Cois Fharraige, c. Gaoth Dobhair, Rann a Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir). Déanfar deich Limistéar Pleanála Teanga eile a fhógairt i rith 2014 agus beifear ag lorg iarratas ó eagraíochtaí sna limistéir sin de réir mar a dhéantar iad á fhógairt.
Fócas do 2014
In 2014, leanfaidh an tÚdarás air ag maoiniú réimse de thionscadail a bhaineann le forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta, le béim ar leith ar na hearnálacha a bhaineann le dobharshaothrú agus próiseáil éisc, eolaíochtaí beatha, bia, turasóireacht agus fiontair cruthaitheach (bainteach le tograí meán, ealaíon, teangabhunaithe agus cultúrbhunaithe).
Cuirfear dlús lena fheidhmeanna maidir le pleanáil teanga de, agus tacófar le réimse de chláir forbartha pobail agus áitiúla a mbeidh sé d’aidhm acu forbairt a dhéanamh ar bhreis scileanna agus acmhainneachta ag leibhéal an phobail i réimse de thionscadail fiontraíochta agus pleanála teanga.
© Gaelport.com 21 Eanáir 2014
Seans go mbeadh spéis agat sna hailt seo a leanas:
Treoirlínte Pleanála Teanga Foilsithe
Na chéad fhógraí Pleanála Teanga foilsithe
Gaeltacht Company in Trade Mission
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge