Léirithe spéise á lorg ó dhaoine a bhfuil suim acu i gceapachán mar Choimisinéir Teanga
Ba mhór an plé a chothaigh fógra Sheáin Uí Chuirreáin ag tús mhí na Nollag nuair a chuir sé in iúl go mbeidh sé ag éirí as a ról mar Choimisinéir Teanga ar 23 Feabhra 2014 de bharr theip an Rialtais i leith chur i bhfeidhm beartais reachtaíocht teanga ag leibhéal an Stáit.
Tá fógartha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an tseachtain seo go bhfuiltear ag glacadh le léirithe spéise ó dhaoine ar suim leo a bheith ceaptha mar Choimisinéir Teanga.
Ról dúshlánach a bheas i ndán don té a cheapfar mar Choimisinéir úr ina mbeidh air nó uirthi, de réir thuairisciú an Choimisinéara reatha, dul i ngleic le lagú chóras na scéimeanna teanga, easpa inniúlacht Ghaeilge an státchórais agus beartas úr lochtach earcaíochta na Státseirbhíse. Anuas air sin, tá fógartha ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin T.D., go bhfuil i gceist an cónascadh idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman a fógraíodh i 2011 a chur i gcrích faoi Mheán Fómhair 2014.
Luaigh Seán Ó Cuirreáin fholús i dtaobh athbhreithniú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a fógraíodh i mí na Samhna 2011 mar chúis eile lena chinneadh agus d'fhógair an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an tseachtain seo go bhfuiltear súil leis an mBille nua a fhoilsiú roimh bhriseadh na tsamhraidh. Cuireadh in iúl go bhfuil Cinn an Bhille fós le haontú óir nár cuireadh aon leasú faoi bhráid an Rialtais go dtí seo agus go bhfoilseofar torthaí an phróiseas chomhairliúcháin ar fhoilsiú Chinn an Bhille.
Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga in 2004 faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 mar fhoras monatóireachta i leith comhlíonadh fhorálacha an Achta sa státchóras agus is é Uachtarán na hÉireann a cheapann an Coimisinéir Teanga ar chomhairle an Rialtais tar éis do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann rún a rith ag moladh an cheapacháin.
Mar aon le scileanna láidre cumarsáide agus sárchumas Gaeilge idir labhairt agus scríobh, tá iarrtha ag an Roinn go mbeadh na hinniúlachtaí a leanas ag iarrthóirí:
•Eolas an-mhaith ar an státchóras in Éirinn;
•Eolas an-mhaith ar chúrsaí teanga in Éirinn;
•Eolas an-mhaith ar reachtaíocht atá ábhartha don Ghaeilge in Éirinn;
•Tuiscint mhaith ar chúrsaí teanga i ndlínsí eile;
•Taithí i ról ceannais/bainistíochta;
•Taithí ar phleanáil straitéiseach;
•Taithí ar rialachas corparáideach;
•Cumas ceannasaíocht a thabhairt; agus
•Cumas comhoibriú go héifeachtach le raon leathan de pháirtithe leasmhara.
Glacfar le hiarratais ar an ról go dtí Déardaoin 30ú Eanáir 2014. Mairfidh tréimhse an cheapacháin ar feadh tréimhse sé bliana agus is é €115,576 tuarastal bhliantúil an phoist.
©Foilsithe ar Gaelport.com 21Eanáir 2014
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Feachtas láidir ar son na Gaeilge
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter:# Gaeilge