Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

An mhéar fhada tugtha don Ghaeilge sa tSraith Shóisearach

$
0
0

Cinneadh ag cruinniú den mheitheal oibre ar athbhreithniú an Teastais Shóisearaigh an tseachtain seo caite gan an tsonraíocht nua Ghaeilge a thabhairt isteach go dtí 2016

D'fhógair an Roinn Oideachais agus Scileanna i 2012 go ndéanfar leasú mór ar an Teastas Sóisearach agus go dtiocfaidh na socruithe nua i bhfeidhm ar bhonn céimiúil do mhuintir na chéad bliana ó 2014 agus tabharfar faoin scrúdú nua den chéad uair in 2017.

Gradam Scoláire na Sraithe Sóisearaí (GSSS) a thugtar ar an Teastas Sóisearach leasaithe agus tá beartaithe go mbeidh na daltaí á measúnú ag na múinteoirí scoile ar bhonn leanúnach.

Faoin gcóras nua tabharfaidh daltaí scoile faoi 8 n-ábhar ar a laghad agus 10 n-ábhar ar a mhéid idir ábhair thraidisiúnta agus ‘chúrsaí gearra’ mar shampla an tSínis, an Corpoideachas nó Litearthacht sna Meáin Dhigiteacha. Tá i gceist leis an gcóras nua go mbeidh na daltaí, seachas na scrúduithe, ag croílár chur chuige mheasúnú an Teastais Shóisearaigh leasaithe.

Deimhníodh go mbeidh curaclam athbhreithnithe Ghaeilge, Bhéarla agus Mhatamaitice mar chroí-ábhair faoin gcóras nua. Tháinig an chéad bhabhta de chomhairliúchán poiblí na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) chun críche le déanaí agus reáchtálfar tréimshe eile chomhairliúcháin in earrach 2014.

Is é an Béarla an t-aon ábhar athbhreithnithe a thiocfaidh isteach faoi Chéim 1 den athstruchtúrú, a chuirfear in áit i Meán Fómhair 2014, agus fógraíodh roimhe seo go mbeidh an Ghaeilge ar cheann d’ábhair Chéim 2, mar aon leis an Staidéar Gnó agus an Eolaíocht, a thabharfar isteach do scoláirí na chéad bhliana i bhfómhar 2015.

Ag an gcéad chruinniú den mheitheal oibre a reáchtáladh an tseachtain seo caite tuairiscíodh nach bhfuil dóthain acmhainní ar fáil i láthair na huaire leis na beartais i dtaca leis an mBéarla, an nGaeilge, an Matamaitic, Eolaíocht agus Staidéar Gnó a chur i bhfeidhm de réir an amscála reatha. Chinn an mheitheal, ar a bhfuil ionadaí ón Roinn Oideachais agus Scileanna, an CNCM, grúpaí tuismitheoirí, Comhchoiste na mBainisteoirí (Joint Managerial Body) agus na ceardchumainn, gan an tsonraíocht nua Ghaeilge ná Staidéar Gnó a chur in áit go dtí 2016.

Bíodh is go bhfuil luaite sa Straitéis Náisiúnta Liteartha agus Uimheartha go reáchtálfar triallacha caighdeánaithe ar léitheoireacht na Gaeilge in iarbhunscoileanna lánGhaeilge faoi i 2015, ní bheidh fáil ar leagan amach an GSSS go dtí 2016. Deimhníodh do Gaelport nár tugadh cuireadh don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), ná d'Fhoras na Gaeilge, comhalta de chuid na CNCM, freastal ar chruinniú na meithle.

©Foilsithe ar Gaelport.com 21 Eanáir 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: Junior cycle reform a chance to put the student first

Mórlaigí i múineadh na Gaeilge

Gael-Choláiste an Phiarsaigh fós gan láthair

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>