Tá an spriocdháta le haghaidh iarratais don chomórtas náisiúnta chun amhrán nua a roghnú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann i gComórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2014 ag druidim linn.
Reáchtálfar an 43ú Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach i nDoire den chéad uair riamh ó 22-27 Aibreán 2014, agus reáchtálfar an comórtas náisiúnta ar thóir amhrán na hÉireann a rachaidh in iomaíocht ag an bhFéile i gCeatharlach ar 8 Márta 2014.
Glacfar le hamhráin Ghaeilge le ceol agus liricí nua-chumtha i réimse leathan seánraí ceoil – ceol traidisiúnta, pop-cheol, ceol tíre nó ceol rac-cheilteach ina measc.
Is é 5.00pm ar an 31 Eanáir 2014 an spriocdháta agus is i bhfoirm dlúthdhiosca ar chóir iarratais a chur isteach. Ní mór rialacha an chomórtais a léamh go cúramach ar shuíomh www.panceltic.ie, áit a bhfuil foirmeacha iarratais ar fáil chomh maith.
Déanfar gearrliosta de na hiarratais is fearr agus beidh na hamhráin a roghnófar le canadh os comhair painéil mholtóirí aitheanta ag an gcomórtas náisiúnta a reáchtálfar san Óstán Seven Oaks, Ceatharlach ar an Satharn,8ú Márta 2014.
Duais €1,000 a bhronnfar ar bhuaiteoir an chomórtais agus rachaidh an t-amhrán buaiteach ar aghaidh le dul in iomaíocht leis na hamhráin náisiúnta eile ag Alba, An Bhreatain Bheag, Oileán Mhanainn, An Choirn agus An Bhriotáin chun an Corn Pan Cheilteach a chrochadh leis. Déanfaidh IMRO urraíocht ar an gcomórtas náisiúnta i gcomhar le Gael Linn.
Beidh comórtas speisialta i mbliana d’iomaitheoirí faoi 17 mbliana d’aois ar an oíche chéanna. Mar sin cuirfear fáilte roimh amhráin nuachumtha ó amhránaithe aonair agus ó ghrúpaí ceoil óga agus beidh €200 chomh maith le trófaí le buachan.
Tá an comórtas náisiúnta á eagrú ag Glór Cheatharlach agus is féidir gach eolas a fháil ó emma@glorcheatharlach.ie.
An seoladh do dhlúthdhioscaí agus iarratais ná:
An Comórtas Amhrán Pan Cheilteach 2014,
Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach, Co. Cheatharlach.
©Foilsithe ar Gaelport.com 22 Eanáir 2014
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Feachtas láidir ar son na Gaeilge
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge