Den chéad uair riamh beidh Luimneach mar cheannscríbe ag na scoláirí agus scríbhneoirí a fhreastalóidh ar Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2014 ar dheireadh seachtaine na Féile Bríde, 31 Eanáir go 2 Feabhra 2014.
Téama na bliana seo ná An Cultúr Gaelach - ó Luimneach go Leòdhas, mar gheall ar roghnúchán Luimnigh mar Chathair Chultúrtha 2014 agus is i gcathair Luimnigh a d’éag Brian Merriman, ar an Satharn an 27ú Iúil 1805.
Pléifear neart téamaí spéisiúla le linn an deireadh seachtaine idir fhilíocht, stair, cheol agus eile agus i measc na Luimníoch a bheas i láthair ann beidh Helen Ó Murchú, Gearóid Ó Tuathaigh, Nuala Ní Dhomhnaill, Pádraig Ó Cearbhaill agus an píobaire Mickey Dunne.
Ar an Aoine, 31 Eanáir, tabharfaidh Peadar Mac Cuilinn as Ollscoil Notre Dame i Meiricéa caint ar 'An Cultúr Gaelach agus an Bhéasaíocht san Ochtú Céad Déag' agus beidh an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag plé 'Oidhreacht na Gaeilge i Luimneach: Léargas Pearsanta ar Ré de Valera'.
Pléifidh Alan Esselmont, BBC ALBA , an tOllamh Máire Ní Annracháin, COBÁC, agus Sorcha Nic Lochlainn, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, gnéithe de chraoltóireacht, de litríocht agus d’amhráin na Gàidhlig - agus na Gaeilge - ag siompóisiam mhaidin an tSathairn.
Chomh maith leis an Uasal Esselmont, beidh Màiri Nic a’Ghobhainn, fonnadóir as oileán Leòdhais, agus Ailean Domhnallach, máistir ar an ‘gceol mór’ (piobarach clasaiceach na hAlban), i láthair na Scoile mar rannpháirtithe i léacht an Dr. Síle Denvir, 'Gaol Gairid: Amhráin agus Ceol na nGael' mar aon le Muireann Nic Amhlaoibh agus Lillis Ó Laoire.
Maidin an Domhnaigh, beidh Cúirt Éigse na Scoile ann faoin teideal ‘Cuimhnigh ar Luimneach’. Beidh léamh filíochta á thabhairt ag Nuala Ní Dhomhnaill, beidh amhráin mhóra na Gaeilge le cloisteáil ó Phádraig Ó Cearbhaill agus casfaidh an píobaire áitiúil Mickey Dunne foinn agus ceol rince a luaitear le Luimneach.
Beidh Cuairt na Cathrach, Club Merriman agus go leor imeachtaí eile ar siúl mar chuid de Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2014 agus is féidir an clár iomlán a fháil ag www.merriman.ie.
Is in Óstán an Strand ar Bhóthar na hInse i gCathair Luimnigh a bheidh príomh-imeachtaí na scoile ar siúl - 061 421 800 nó reservations@strandlimerick.ie
©Foilsithe ar Gaelport.com 22 Eanáir 2014
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Spriocdháta don Chomórtas Amhrán Nua Pan Cheilteach 2014
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge