Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Lá Mór na Gaeilge

$
0
0
Mórshiúil sa phríomhchathair i dtaca le cearta do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta

Ag eascairt as cruinniú poiblí a d'eagair Conradh na Gaeilge ag tús na míosa, cuirfear tús le feachtas láidir ar son na Gaeilge le mórshiúil i mBaile Átha Cliath ar Dé Sathairn, 15 Feabhra 2014.

 

Dar le heagraithe an fheachtais: "Cuireadh dlús leis an bhfeachtas agus tugadh spreagadh dúinn tacaíocht an mhórphobail ar fud an oileáin a lorg dár gcearta mar gheall ar:

  • fhógairt Sheáin Uí Chuirreáin, An Coimisinéir Teanga, go mbeidh sé ag éirí as oifig ar 24 Feabhra 2014 mar gheall ar easpa tacaíochta an Rialtais ó dheas do chearta teanga phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge
  • thuairisc Chomhairle na hEorpa a foilsíodh ar 14 Eanáir 2014, áit a luaitear go bhfuil cosc á chur le fás agus cur chun cinn na Gaeilge i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar dhearcadh naimhdeach i leith na teanga i Stormont, agus easpa thacaíochta dá húsáid sna cúirteanna agus san oideachas".

Tosóidh an mórshiúil ag an nGairdín Cuimhneacháin ar Chearnóg Parnell ag 2.00pm.  Beidh ceol ó Kila, Seo Linn agus Na Fíréin ar an lá agus cuirfear fáilte roimh chách páirt ag ghlacadh.

©Foilsithe ar Gaelport.com 27 Eanáir 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Éirí as an Choimisinéara Teanga cíortha ag Fochoiste Oireachtais

Cosc ar an nGaeilge ó thuaidh

An mhéar fhada tugtha don Ghaeilge sa tSraith Shóisearach

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>