Ag eascairt as cruinniú poiblí a d'eagair Conradh na Gaeilge ag tús na míosa, cuirfear tús le feachtas láidir ar son na Gaeilge le mórshiúil i mBaile Átha Cliath ar Dé Sathairn, 15 Feabhra 2014.
Dar le heagraithe an fheachtais: "Cuireadh dlús leis an bhfeachtas agus tugadh spreagadh dúinn tacaíocht an mhórphobail ar fud an oileáin a lorg dár gcearta mar gheall ar:
- fhógairt Sheáin Uí Chuirreáin, An Coimisinéir Teanga, go mbeidh sé ag éirí as oifig ar 24 Feabhra 2014 mar gheall ar easpa tacaíochta an Rialtais ó dheas do chearta teanga phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge
- thuairisc Chomhairle na hEorpa a foilsíodh ar 14 Eanáir 2014, áit a luaitear go bhfuil cosc á chur le fás agus cur chun cinn na Gaeilge i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar dhearcadh naimhdeach i leith na teanga i Stormont, agus easpa thacaíochta dá húsáid sna cúirteanna agus san oideachas".
Tosóidh an mórshiúil ag an nGairdín Cuimhneacháin ar Chearnóg Parnell ag 2.00pm. Beidh ceol ó Kila, Seo Linn agus Na Fíréin ar an lá agus cuirfear fáilte roimh chách páirt ag ghlacadh.
©Foilsithe ar Gaelport.com 27 Eanáir 2014
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Éirí as an Choimisinéara Teanga cíortha ag Fochoiste Oireachtais
An mhéar fhada tugtha don Ghaeilge sa tSraith Shóisearach
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge