Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Tionól na nDéise 2014

$
0
0

Ar cheann de bhuaicphointí Thionól na nDéise i mbliana beidh léacht le Micheál de Mórdha, ó Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin agus é ag labhairt faoin téama: “Ó Bhaile na nGall go Baile na nGall – siar ‘s aniar idir dhá Ghaeltacht”.

Is iad Comhairle Contae Phort Láirge a eagraíonn Tionól na nDéise i Rinn Ó gCuanach gach bliain, agus beidh an chaint áirithe seo ar siúl ar 2:30pm ar 15 Feabhra 2014 i gColáiste na Rinne.  

Ina léacht, déanfaidh an tUasasl de Mórdha cur síos ar an sean-chaidreamh idir Ghaeltachtaí na nDéise agus Chorca Dhuibhne.  Is as Dún Chaoin ó dhúchas do Mhicheál, agus tá sé ag feidhmiú mar Bhainisteoir ar Ionad an Bhlascaoid ó 1993, tar éis blianta fada a chaitheamh mar léiritheoir agus mar láithreoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Tá tréimhsí caite ag Micheál freisin mar iriseoir leis an nuachtán ‘Inniu’ agus mar riarthóir le Gael Linn.   Sa bhliain 2010, bronnadh gradam ar leith ar Mhicheál agus é roghnaithe mar Uachtarán Oireachtas na Gaeilge.   Tá cáil air mar údar, agus tá neart duaiseanna buaite aige ag Comórtas Liteartha an Oireachtais thar na blianta.  

Baineann léacht de Mórdha le sraith de léachtaí atá á heagrú ag Oifig na Gaeilge de chuid Chomhairle Contae Phort Láirge. Tá Tionól na nDéise na Rinne á eagrú i gcomhar le lucht eagraithe Thionól Niocláis Tóibín agus tá sé mar chuid de chlár iomlán imeachtaí ceoil, amhránaíochta agus scléipe a bheidh ar siúl sa Rinn thar an deireadh seachtaine ar fad.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Máire Seosaimhín Breathnach, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Contae Phort Láirge: (058) 20884 | msbreathnach@waterfordcoco.ie 
 
©Foilsithe ar Gaelport.com 6 Feabhra 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Comórtas Réalt Uladh 2014

Tairbhe na Gaeilge le plé i bPort Láirge agus i gCeatharlach

Lá Mór na Gaeilge

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>