Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Peadar Tóibín ar ais le Sinn Féin agus athcheaptha mar Urlabhraí ar Ghnóthaí na Gaeilge

$
0
0

D'fhógair Aoire Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh T.D. inné go bhfuil an Teachta Dála do thoghcheantar iarthar na Mí, Peadar Tóibín, athcheaptha mar urlabhraí an pháirtí ar Gnóthaí Trádála, Post agus Núalaíochta agus mar urlabhraí ar ghnóthaí a bhaineann leis an nGaeilge agus le cúrsaí Gaeltachta. 

Cuireadh an Teachta Tóibín ar fionraí ón bpáirtí sé mhí ó shin, nuair nár lean sé treoir an pháirtí agus é ag caitheamh vóta i dtaca leis an mBille um Chosaint na Beatha le linn Toirchis. 

Agus é ag labhairt ar athcheapachán Tóibín, dúirt Aengus Ó Snodaigh, T.D., go raibh an-áthas a fhógairt go bhfuil an Teachta Tóibín athcheaptha mar urlabhraí an pháirtí ar na gnóthaí tábhachtacha seo, agus go bhfuil sé ag súil go mór a bheith ag obair arís leis sa todhchaí ar son Sinn Féin agus ar son siúd a dhéanann Sinn Féinn ionadaíocht thar a gceann.

© Gaelport.com 07 Feabhra 2014

Seans go mbeadh spéis agat sna hailt seo a leanas:
As na Nuachtáin: Growth of Irish language in east Belfast under spotlight
As na Nuachtáin: George Chittick Irish language comments ‘pathetic and embarrassing’ – Ó Muirí
As na Nuachtáin: Feachtasaíocht ag teastáil le troid in aghaidh straitéis 'Scoilt an Smachtú'

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge

 


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>