Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Comhdháil ar Litríocht na Gaeilge le hoscailt ag an Taoiseach

$
0
0

Beidh comhdháil idirnáisiúnta ar litríocht na Gaeilge a bheidh ar siúl idir an 20-22 Feabhra 2014 i mBaile Átha Cliath á oscailt ag Taoiseach na hÉireann, Enda Kenny T.D.

Cuirfear tús leis an gcomhfhiontar seo idir Coláiste Phádraig agus Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath leis an oscailt oifigiúil ar Déardaoin, 20 Feabhra 2014, ar 5pm i dTeach Newman ar Fhaiche Stiabhna.  Is é an tOllamh Pádraig Ó Siadhail, ó Ollscoil Naomh Muire, Halifax, Ceanada a thabharfaidh caint oscailte na comhdhála, agus é ag díriú ar bhundúchasaigh Mheiriceá i bpróslitríocht na Gaeilge.  Leanfar leis na cainteanna i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, ar an Aoine agus ar an Satharn, agus tionólfar oíche cheiliúrtha ar litríocht na Gaeilge ar fud an domhain ag ócáid liteartha IMRAM in Áras na Scríbhneoirí oíche Aoine.

I rith na comhdhála seo déanfar plé ar an ngaol idir scéalta taistil agus imirce na nGael, mar aon le cumadh, caomhnú, agus seachadadh an léinn agus na litríochta ag tréimhsí éagsúla i stair chultúrtha na tíre. Scrúdófar na meáin agus na próisis chultúrtha a chuaigh i bhfeidhm ar litríocht na Gaeilge i gcomhthéacs diaspórach, agus déanfar scagadh ar na seánraí nua agus ar na tuiscintí pobail a tháinig chun cinn. 

Idir chainteoirí agus lucht éisteacht, beidh rannpháirtithe na comhdhála seo ag teacht ó chian is ó chóngar.   Cuimsíonn ábhar na léachtaí teagmhálacha liteartha le háiteanna ar fud an domhain, agus is iad na haoichainteoirí ná an Dr William Mahon, Ollscoil na Breataine Bige, Aberystwyth,  an Dr Máire Ní Mhaonaigh, Ollscoil Cambridge, an Dr Niall Ó Ciosáin, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus an tOllamh Pádraig Ó Macháin, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Tá leagan amach na comhdhála, agus eolas cláraithe ar fáil anseo: Clár na Comhdhála

© Gaelport.com 07 Feabhra 2014

Seans go mbeadh spéis agat sna hailt seo a leanas:
As na Nuachtáin: Growth of Irish language in east Belfast under spotlight  
As na Nuachtáin: George Chittick Irish language comments ‘pathetic and embarrassing’ – Ó Muirí  
As na Nuachtáin: Feachtasaíocht ag teastáil le troid in aghaidh straitéis 'Scoilt an Smachtú'

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945