Tá an t-am sin den bhliain tagtha arís – ainmniúchán bhuaiteoirí Ghradam TG4 agus beidh an searmanas aitheanta seo á chraoladh ag 9:30i.n ar TG4 ar Dhomhnach Cásca.
Gach bliain, tugann na gradaim seo aitheantas do cheoltóirí agus d’eagraíochtaí ar fud na tíre a bhfuil meas ar leith ag an bpobal orthu.
Is é fear na feadóige móire agus na bpíobaí uilleann as deisceart Bhéal Feirste, Harry Bradley, a ghlacfaidh le Gradam Ceoil na bliana seo. Bhí an-tionchar ag ceoltóirí ar nós Séamus Tansey, Dessie Wilkinson, John Carty agus Séamus Ennis ar stíl ceoil Harry.
Tá Harry áirithe ar dhuine de shárcheoltóirí na linne agus máistir ar an bhfeadóg mhór le trí dhlúthdhiosca dá cheol aonair eisithe aige agus ceol leis le fáil freisin ar dhlúthdhioscaí leis an ngrúpa Altan, The Blue Idol agus The Poisoned Glen.
I measc na nduaiseoirí eile tá an boscadóir óg as Tuairín Chathail i gCo. Chiarraí, Bryan O’Leary, atá ainmnithe mar cheoltóir óg na bliana. Is garmhac é Bryan leis an mboscadóir aitheanta, Johnny O’Leary, nach maireann, fear a fuair Gradam Saoil TG4 in 2003. Tá tionchar cheantar Shliabh Luachra le cloisteáil go soiléir ina chuid ceoil.
Ar oíche an tsearmanais, bronnfar Gradam Saoil ar an gceoltóir cumasach ar an gconsairtín, Chris Droney as Béal an Chlogga i dtuaisceart Chontae an Chláir agus beidh Gradam Comharcheoil ag dul go Comhpháirtíocht Goodman. Is é seo an chéad uair a bheidh an gradam Comharcheoil á bhronnadh le linn Gradaim Ceoil TG4.
Bronnfar Gradam Comaoine ar Mick Moloney, ceoltóir as Luimneach ó dhúchas atá tar éis blianta fada a chaitheamh ag cur cheol traidisiúnta na hÉireann chun cinn i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Glacfaidh an t-amhránaí clúiteach Nan Tom Taimín de Búrca le Gradam Amhránaí na bliana. Is as ceantar Iorras Aithneach i gConamara do Nan Tom Taimín de Búrca. Tá clú agus cáil ar Nan mar amhránaí sean-nóis den scoth agus bhain sí Corn Uí Riada amach ag Oireachtas na Gaeilge i 1998.
Déanfar ceiliúradh ar Ghradam Ceoil TG4 2014 i gCeoláras na hOllscoile, Luimneach ar an Satharn 12 Aibreán 2014 áit a mbronnfar duais airgid agus dealbh speisialta coimisiúnaithe ag John Coll ar na buaiteoirí ar fad.
Craolfar an ócáid mar chlár speisialta ar TG4 ar Domhnach Cásca, 20 Aibreán agus é curtha i láthair ag an amhránaí agus an ceoltóir aitheanta, Muireann Nic Amhlaoibh, agus ag an craoltóir agus an láithreoir teilifíse, Páidí Ó Lionáird.
Is féidir ticéid a chur in áirithe don cheolchoirm trí ghlaoch ar 061 331549 nó ar an suíomh idirlín www.uch.ie
© Foilsithe ar Gaelport.com 06 Feabhra 2014
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Tionól na nDéise 2014
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge