Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Fáilte roimh scannáin as Gaeilge ag Féile Scannánaíochta Fhine Gall

$
0
0

Tá gairm ar iarratais fógartha le déanaí ag Féile Scannánaíochta Fhine Gall, agus beidh catagóir ar leith ann i mbliana do scannáin as Gaeilge. 

Cuireadh tús le Féile Scannánaíochta Fhine Gall in 2012 chun ardán a thabhairt do dhéantóirí scannáin atá ag teacht in inmhe, agus chun saothar nua áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta a chur faoi bhráid an phobail.  Ó thar lear a thagann suas le 70% de na scannán a léirítear i rith na féile.

Cuireann an fhéile ceardlanna agus cláir thraenála ar fáil do rannpháirtithe, agus léirítear drámaí ó sheánraí éagsúla.  Anuas air seo, cothaítear naisc idir lucht déanta na scannán agus saineolaithe atá ag treabhadh an ghoirt sin le fada an lá. 

Chun saothar nua a spreagadh, reáchtáiltear comórtas le linn na féile in ocht gcatagóir ar leith.  Bronntar duaiseanna ar na hiarratais is fearr de réir na gcatagóirí a leanas: príomhscannán; clár faisnéise; beochan; scannán ó mhac léinn; iarrthóir nuathagtha d’fhéile Fhine Gall; gearrscannán; scannán idirnáisiúnta; agus scannán as Gaeilge. 

Is é 31 Bealtaine an sprioc don chomórtas seo, agus is féidir iarratas a íoslódáil ag an nasc seo: Foirm Iarratais agus tá neart eolais bhreise ar fáil ag www.fingalfilmfest.com 

© Gaelport.com 06 Feabhra 2014

Seans go mbeadh spéis agat sna hailt seo a leanas:

Tionól na nDéise 2014

Éireannaigh chun tosaigh i gComórtas Aistriúcháin na hEorpa

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge 


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>