Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Bonn Óir Sheáin Uí Riada bronnta ar Chormac Begley

$
0
0

Ainmníodh Cormac Begley a chasann an consairtín mar bhuaiteoir Bhonn Óir Sheáin Uí Riada ag an deireadh seachtaine.

Reáchtáladh craobh an chomórtais, a dhírigh ar an mbosca ceoil, an consairtín agus an orgán béil, in Óstán an Rochestown Park i gCathair Chorcaí ar Dé hAoine, 7 Feabhra.

Bhí 15 ceoltóir san iomaíocht don duais aitheanta, ach ba é Cormac, duine de mhuintir ceolmhar Uí Bheaglaoich as Corca Dhuibhne, a thug an Bonn Óir, déanta ag an ngabha óir Pádraig Ó Mathúna as Caiseal Mumhan, agus duais €2000 leis.

I ndiaidh dó an bonn a bhaint oíche Dé hAoine, b’éigean dó an bóthar a bhualadh go aerfort Bhaile Átha Cliatha do thuras chun na Róimhe, áit a raibh ceolchoirm aige.  Is gearr anois go mbeidh sé ag tabhairt faoi chamchuairt go dtí an Nua Shéalainn agus an tSeapáin leis an ngrúpa Rian, a bhfuil Liam Ó Maonlaí, Maitiú Ó Casaide agus Eithne Ní Chatháin ina mbaill dó freisin.

Bhí cónaí ar Chormac i nGaillimh le roinnt bliant anuas, áit a raibh sé i mbun staidéir do chéim dochtúireachta sa tsíceolaíocht.  Is i nGaillimh, áit a raibh i mbun staidéir do chéim dochtúireachta sa tsíceolaíocht, a chuir sé tús leis an tsraith coirmeacha Tunes in the Church a reáchtáil sé in Eaglais San Niocláis i nGaillimh.

Ba iad Noel Hill, Mick Mulcahy agus Charlie Harris a bhí mar mholtóirí ar an oíche.  Craoladh an comórtas beo ar an gclár Cuireadh Chun Ceoil, a bhíonn á chur i láthair ag Peadar Ó Riada, ar Raidió na Gaeltachta.  Is féidir éisteacht siar leis ag www.rte.ie/rnag.  

Díreoidh Comórtas Bhonn Óir Sheán Uí Riada ar veidhleadóirí i gcomórtas na bliana seo ag teacht.

©Foilsithe ar Gaelport.com 11 Feabhra 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Gradaim Ceoil TG4 2014 Fógartha

Tionól na nDéise 2014

An Phríomhchathair ag ullmhú do Lá Mór na Gaeilge

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>