Clár nua TG4 a leanann triúr fear agus iad ag ullmhú do theacht an linbh nua
Is sraith nua é Lads mar Dads a leanann triúr fear, thar thréimhse ocht mí, agus iad ag tabhairt aghaidh ar shaol an athar.
Le linn na sraithe, leanfar Mícheál Ó Draighneáin as Corcaigh, Kevin Ferry as Dún na nGall agus Richie Ó hEadhra, atá ina chónaí i Loch Garman, agus iad ag dul i ngleic leis na dúshláin ar fad a bhaineann le ról an athar nua.
Leis an eolas ar fad atá amuigh ansin, idir chláir teilifíse, chláir raidió, aipeanna agus leabhair, an mbeifear in ann an t-eolas sin a scagadh, na rudaí cearta a phiocadh amach agus neamhaird a dhéanamh ar an aineolas.
Mar chuid den chlár, cuirfidh painéal de shaineolaithe, ar a bhfuil na dochtúirí Barbara Kearns agus Emma Kilgarriff, an t-oibrí sóisialta Julie O’Donnell agus an síceolaí Louise Pembroke, neart comhairle agus tacaíochta ar fáil do na haithreacha nua.
Freisin, cloistear scéalta maidir lena n-aistear féin ó Nicky Byrne, Ray d’Arcy, Bernard Dunne agus Dara Ó Cinnéide.
Good Company Productions atá i mbun léirithe do TG4, le tacaíocht ón BAI.
Beidh an chéad chlár sa tsraith á chraoladh ar TG4 ar Dé Domhnaigh, 16 Feabhra 2014, ag 9.30pm.
©Foilsithe ar Gaelport.com 12 Feabhra 2014
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Bonn Óir Sheáin Uí Riada bronnta ar Chormac Begley
Turais threoraithe trí Ghaeilge ar fáil ó Ghraí Náisiúnta na hÉireann
Gradaim Ceoil TG4 2014 Fógartha
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge