Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Seachtain na Gaeilge 2014

$
0
0

Tháinig ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2014 le chéile le déanaí le mórfhéile na teanga a sheoladh go hoifigiúil

Beidh Seachtain na Gaeilge 2014 ar siúl ó 1-17 Márta agus beidh imeachtaí ar siúl in Éirinn agus thar lear chun an Ghaeilge a cheiliúradh.

Eagraítear na mílte imeachtaí mar chuid den fhéile bhliantúil a chuireann úsáid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn anseo in Éirinn agus thar lear.  Tugann an fhéile deis do gach uile dhuine, idir chainteoirí dúchasacha agus iad siúd a fhaigheann a gcéad bhlaiseadh den teanga, spraoi a bheith acu leis an nGaeilge.

Osclófar Seachtain na Gaeilge 2014 go poiblí i gCill Airne ar Dé Sathairn, 1 Márta 2014, agus i measc mhóriomhimeachtaí eile na féile, beidh féile sráide le ceolchoirm saor in aisce ón mbanna ceoil aitheanta, Seo Linn, beidh an t-ollrith náisiúnta, Rith 2014, ó Bhaile Bhúirne go Béal Feirste, ar siúl ó 7-15 Márta.

I measc na n-imeachtaí a bhíonn ar siúl sa phobal bíonn siúlóidí stairiúla, filíocht, ceardlainne éagsúla, imeachtaí do ghasúir, scéalaíocht, ranganna, scóráil sciobtha as Gaeilge, ceolchoirmeacha agus ar ndóigh bíonn ciorcal comhrá arna eagrú i go leor caiféanna timpeall na tire mar aon le go leor imeachtaí Gaelacha eile.

Mar ambasadóirí ar Sheachtain na Gaeilge 2014 tá an peileadóir Ciarán Kilkenny agus láithreoirí Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Lynette Fay.  Beidh ambasadóirí 2014 ag freastal ar imeachtaí ar fud na hÉireann agus ag cur an fhéile agus an Ghaeilge chun cinn le linn Sheachtain na Gaeilge.

 Agus é ag caint ar a ról mar ambasadóir, dúirt Ciarán Kilkenny: “Tá an Ghaeilge an-tábhachtach dom agus bainim úsáid aisti gach uair a bhíonn deis agam. Beidh mé páirteach i lá Gaeilge agus cluiche atá á eagrú ag mo chlub, Caisleán Cnucha, leis an gclub, Na Gaeil Óga, ar 1 Márta. Táimid ag súil le slua breá ar an lá agus leis an nGaeilge a bheith mar chroí-lár na hócáide”.

“Beidh mé ag dul chuig go leor imeachtaí agus ag bualadh le pobail éagsúla agus daltaí scoile. Táimid ag iarraidh ar dhaoine Seachtain na Gaeilge a úsáid mar dheis chun níos mó Gaeilge a úsáid agus tá rud ann do chuile dhuine leis an réimse imeachtaí a bheidh ar siúl”, arsa Máire Treasa Ní Dhubhghaill.

 Dúirt Lynette Fay: “Táim féin ag dúil go mór le Ceiliúradh Phobal Gaeilge Bhéal Feirste a chuirfidh críoch oifigiúil le Seachtain na Gaeilge ar Lá Fhéile Pádraig. Beidh mé mar bhean an tí ag an ócáid i Halla na Cathrach agus beidh ceol, amhránaíocht, damhsa agus craic d’óg agus d’aosta”.

Is iad grúpaí pobail, scoileanna, údaráis áitiúla, leabharlanna, eagraíochtaí cultúir, spóirt agus ceoil, agus grúpaí eile nach iad a eagraíonn imeachtaí Sheachtain na Gaeilge mórthimpeall na hÉireann agus an domhain. Tá liosta imeachtaí na féile ar fáil ar www.snag.ie agus ar aip na féile, SnaG 2014, atá ar fáil le híoslódáil saor in aisce ar iTunes agus ar Google Play.

©Foilsithe ar Gaelport.com 17 Feabhra 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Turais threoraithe trí Ghaeilge ar fáil ó Ghraí Náisiúnta na hÉireann

Gradaim Ceoil TG4 2014 Fógartha

Fáilte roimh scannáin as Gaeilge ag Féile Scannánaíochta Fhine Gall

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

 


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>