Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Comórtas Filíochta Uí Néill 2014

$
0
0

Cuireadh d’fhilí ar dhá thaobh Shruth na Maoile páirt a ghlacadh i gComórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill 2014

Ní mór dánta a bheith faighte roimh an spriocdháta ar 19 Márta 2014

Tá áthas ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a fhógairt go bhfuil Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill ar siúl arís i mbliana don seachtú bliain as a chéile.

Reáchtálfar babhta ceannais an chomórtais i ‘Cois Teallaigh’, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, Dé hAoine 11 Aibreán 2014.

Is comórtas dátheangach ar théama oscailte é seo, áit ar féidir le hiarratasóirí dánta scríofa i nGaeilge na hÉireann nó Gàidhlig na hAlban a sheoladh isteach ach aistriúchán Béarla a chur ar fáil chomh maith.  Bronnfar duais €500 agus Corn Uí Néill ar bhuaiteoir an chomórtais ar an oíche.

Is i gcomhluadar roinnt de na filí is fearr ón ghlúin seo a bheidh buaiteoir an chomórtais lena n-áirítear na hiarbhuaiteoirí: Philip Cummings; Ailbhe Ní Ghearbhuígh; Máire Wren; Proinsias Mac a’Bhaird; Tadhg Ó Dúshláine agus Niall Gordon.

Tá an comórtas seo á reáchtáil in onóir An Choirnéil Eoghain Uí Néill, fear a chaith tamall fada de blianta ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus bhunaigh sé an malartú cultúrtha seo chun an gaol idir filí Gaeilge na hÉireann agus filí Gàidhlig na hAlban a fhorbairt.

Ní ghlacfar le níos mó ná trí iarratas ó gach iarratasóir. Ní mór rialacha an chomórtais a bheith léite go maith roimh ré chomh maith. Ní ghearrfar costas ar iontrálacha.

Is é 19 Márta 2014 an spriocdháta d’iontrálacha.

Roghnófar gearrliosta d’ochtar, as a mbeidh buaiteoir amháin ainmnithe ag oíche mhór filíochta agus cheoil den scoth san Ardchathair san Aibreán.

Is féidir íoslódáil a dhéanamh ar an bhfoirm iarratais agus ar rialacha an chomórtais ar an leathanach seo

Le haghaidh tuilleadh eolais is féidir dul i dteagmháil le Máire Ní Phuirséil ag maire@comhdhail.ie nó glaoch ar 01-6794780.

©Foilsithe ar Gaelport.com 18 Febhra 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Seachtain na Gaeilge 2014

An Dr Pádraig Ó Héalaí insealbhaithe mar Uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2014

Comhdháil ar Litríocht na Gaeilge le hoscailt ag an Taoiseach

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>