Ba le linn chlár Iris Aniar ar an Déardaoin, 27 Feabhra, a fógraíodh torthaí dhuaiseanna Ghlór na nGael 2014.
Tháinig Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann, agus an Bainisteoir Náisiúnta, Nóra Welby, i gcuideachta Sheáin Bháin Bhreathnaigh ar maidin le buaiteoirí na bliana seo a fhógairt ar Raidió na Gaeltachta.
Cé nach mbeidh príomhdhuaiseanna an chomórtais á bhfógairt go dtí Dé Sathairn, 29 Márta, ag ócáid bhliantúil Bronnadh Ghlór an nGael a bheas ar siúl i gCaisleán Chluain Tarbh, marcáladh buaicphointe cinniúnach do choistí beaga áitiúla ar fud na tíre.
Fógraíodh na duaiseanna san ord a leanas:
Duais Chomhluadar - €1,500
Craobh na Bóinne, Baile an Bhiataigh, Co na Mí
Duais an Fháinne (Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge)- €1,000
Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, Co Dún na nGall
Duais Ógras - €700
Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co Doire
Duais Chomhairle Chontae Dhún na nGall - €1,000
Cill Chárthaigh & Lár-Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille, Co Dún na nGall
Duais Chló Iar-Connacht - Dearbhán €1,000
Craobh an Iúr, Co Ard Mhacha
Duais Cholmcille - €1,500
Comharchumann na nOileán Beag, Co Dún na nGall
Duais Cholmcille - €1,500
Glór Dhún Geimhin, Co Doire
Duais Iontaobhas ULTACH - €1,400 x 2
Céim Aniar, Co Dún na nGall & Gaelphobal an tSratha Báin, Co Tír Eoghain
Duais Conradh an Gaeilge - €2,000
Ionad Deirbhile, Co Maigh Eo
Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta - £1,500 stg
Craobh Bhoirche Íochtar, Co an Dúin
Duais an Fhorais Pátrúnachta - €1,000
Muintir Chrónáin, Co Átha Cliath
Duais COGG - €2,000
Glór Locha Riach, Co na Gaillimhe
Duais Údarás Craolacháin na hÉireann €1,500 x 2
Stáisiún Tráchtála: Spin South West
Stáisiún Pobail: 92.5 Phoenix FM (Baile Bhlainséir) Co Átha Cliath
Iontráil Nua is Fearr - €1,500
Áislann Rann na Feirste, Co Dún na nGall
Duaiseanna Pleanála Teanga - €1,500 x 2
Áislann Rann na Feirste, Co Dún na nGall
Ionad Deirbhile, Co Maigh Eo
Duaiseanna Gnó agus Fiontraíochta - €1,500 x 2
Oidhreacht Chorca Dhuibhne/Corca Dhuibhne ag Caint, Co Ciarraí
Cairde Teo. Co Ard Mhacha
Duaiseanna Chothú na Gaeilge i measc Teaghlach - €1,500 x 4
Sult na Sollán, Co Cill Dara
Coiste Phobal Ghort an Choirche, Co Dún na nGall
Comharchumann na nDéise, Co Port Lairge
Craobh Mhaigh Cuilinn, Co na Gaillimhe
Duaiseanna Foilseacháin - €750 x 2
Comharchumann na nDéise, Co Port Lairge
Comhar Dhún Chaocháin Teo, Co Maigh Eo
Duaiseanna Aitheantais - €1,000 x 3
East Belfast Mission, Co an Dúin
Glór na nGael, Clochán Bhréanainn, Co Ciarraí
Coiste an Pharóiste, Leitir Móir, Co na Gaillimhe
Teastas Aitheantais
Carlow Nationalist, Co Ceatharlach
Gradam Ghlór an nGael
TG Lurgan, Co na Gaillimhe
Global Gaeilge
1ú Duais €4,000 - Daltaí na Gaeilge, Nua Eabhrac, SAM
2ú Duais €2,000 - Conradh na Gaeilge, Glaschú, Alban
3ú Duais €3,000 - Caint is Comhrá, Ottowa, Ceanada
Global Gaeilge: Iontráil Nua is Fearr - €1,000
Craobh Cláirseach Teamhrach, Ceanada
Global Gaeilge: Duais Aitheantais - €1,000
Cumann na Gaeltachta, Ceanada
Gearrliosta don Chomórtas Tríú Leibhéal
Cuallacht Colmcille, Ollscoil Éireann, Má Nuad
An Cumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Cumann Gaelach, Coláiste Ollscoil Bhaile Átha Cliath
An Cumann Gaelach, Coláiste Mhig Aoidh, Doire
Cumann Gaelach Marino, Baile Átha Cliath
An rannóg ‘Gaeltacht’ (urraithe ag Údarás na Gaeltachta)
1ú Duais €5,000 - Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe
2ú Duais €4,000 - Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Co Dún na nGall
3ú Duais €3,000 - Áislann Rann na Feirste, Co Dún na nGall
An rannóg 'Pobal faoi 10,000'
1ú Duais €5,000: Carn Tóchair, Co Doire
2ú Duais €4,000: Glór Locha Riach, Co na Gaillimhe
3ú Duais €3,000: Glór Uachtar Tíre, Caisleán Uidhilín, Co an Dúin
Duaischiste €120,000 a bronnadh ar choistí deonacha Gaeilge ar fud na tíre mar aon leis an bpríomhdhuais €20,000 a bheas á bhronnadh ag ócáid mhór cheiliúrtha ar Dé Sathairn, 29 Márta, i gCaisleán Chluain Tarbh, Baile Átha Cliath.
©Foilsithe ar Gaelport.com 27 Feabhra 2014
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Sparánacht taighde agus maoiniú áiseanna ar fáil ó COGG
Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2014 fógartha
Gearrliosta Fhéile na Meán Ceilteach fógartha
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge