Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Ceannaire Gaeilge tras-rannach le hearcú ag RTÉ

$
0
0

Ag eascairt as tuarascáil a foilsíodh le déanaí i dtaca le polasaí Gaeilge, tá deimhnithe ag Príomh-Stiúrthóir RTÉ go mbeidh ról nua a chruthú ag leibhéal ardbhainistíochta a bheas ag ple le cúrsaí Gaeilge amháin.

Foilsíodh an tuarascáil a d’ullmhaigh an Grúpa Oibre maidir leis an nGaeilge le linn na seachtaine seo caite.  Sa Ghrúpa Oibre maidir leis an nGaeilge tá grúpa ardleibhéal taobh istigh do RTÉ agus is í Patricia Quinn atá mar Chathaoirleach. 

Tugadh faoin tuarascáil de bharr nach raibh polasaí craoltóireachta ar leith ann don Ghaeilge in RTÉ ó bunaíodh an eagraíocht i 1960 agus d’admhaigh Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Noel Curran, nach raibh a ndualgais i dtaobh na Gaeilge á gcomhlíonadh ag RTÉ le blianta anuas.

Ní ionann an tuarascáil úr agus Scéim Teanga RTÉ.  Tá curtha in iúl gur réamhobair i dtreo pholasaí faoi leith atá sa tuarascáil agus gur rud iomlán éagsúil í ó Scéim Teanga RTÉ faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, atá fós le daingniú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Faoin Acht um Chraolacháin 2009, tá dualgas ar leith ar RTÉ i dtaca le buanú agus cur chun cinn na Gaeilge mar theanga labhartha trí "forbairt clár agus seirbhísí craolacháin Gaeilge a chur chun cinn agus a spreagadh".  Tugadh faoi chomhairliúcháin poiblí mar bhunús na tuarascála ag deireadh 2012 agus dar leis an nGrúpa Oibre is iad bunluachanna agus bunphrionsabail RTÉ i leith na Gaeilge a foilsíodh sa tuarascáil le déanaí.

Aithníonn an tuarascáil "cúngú suntasach ar úsáid na Gaeilge ar fud na sceideal agus na n-ardán craolacháin uile, seachas Seachtain na Gaeilge" agus is é túsmholadh an Ghrúpa Oibre ná go rachadh an craoltóir náisiúnta i dtreo an dátheangachais.

An tseachtain seo caite thuairiscigh Gaelport.com go raibh trí ghearán in iomlán déanta ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge an mhí seo maidir le hábhar RTÉ a measadh a bhí claonta i gcoinne na Gaeilge.  Bhain gearáin na Comhdhála le trí chlár ar leith a craoladh ar RTÉ, The Late Late Show, The Saturday Night Show agus European Parliament Report. Ní bhfuarthas freagra ar na gearáin go fóill.

Tá molta ag an nGrúpa Oibre go ndéanfaí normalú ar úsáid na Gaeilge ar RTÉ agus tá deimhnithe ag Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Noel Curran, go n-earcófar duine mar Cheannaire Gaeilge tras-rannach a bheas i bhfeighil ar chúrsaí craoltóireachta trí Ghaeilge i RTÉ.  Ról sinsearach a bheas i ról an Cheannaire Ghaeilge agus táthar ag súil go ndéanfar dul chun cinn suntasach i dtreo normalú na Gaeilge ar RTÉ faoin struchtúr nua bainistíochta.

Ag seoladh na tuarascála dúirt Noel Curran, "Cuirimid fáilte roimh thuarascáil agus roimh mholtaí deiridh an Ghrúpa Oibre. Leagtar amach go soiléir iontu todhchaí na Gaeilge laistigh de RTÉ. Tá glactha ag Feidhmeannas agus ag Bord RTÉ leis na moltaí. Díreofar anois ar a gcur i bhfeidhm”.

I measc na moltaí eile a chuir an Grúpa Oibre chun cinn ná lárionad Gaeilge a chruthú ar shuíomh gréasáin RTÉ a bhfeidhmeoidh mar "lárphointe do réimse ábhar de gach cineál, agus mar chuaille eolais d'acmhainní eile Gaeilge i réimsí an chultúir, na meán agus an oideachais. Ní mór dó seo a bheith ina shuíomh fuinniúil, le hábhar a athraíonn gach lá".

Is féidir an tuarascáil iomlán a léamh anseo.

©Foilsithe ar Gaelport.com 28 Feabhra 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Gearrliosta Fhéile na Meán Ceilteach fógartha

Duaiseanna Ghlór na nGael fógartha

As na Nuachtáin: Normalise our native language, or lose it

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>