Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Ó Cearbhaill tofa ina Uachtarán nua ar Chonradh na Gaeilge

$
0
0

Ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i gCill Airne ag an deireadh seachtaine, toghadh Cóilín Ó Cearbhaill mar Uachtarán nua ar Chonradh na Gaeilge, agus é le teacht i gcomharba ar Dhonnchadh Ó hAodha.

As Baile Átha Cliath do Ó Cearbhaill, agus ba é Tánaiste reatha na heagraíochta sular toghadh é ina Uachtarán.

Ag labhairt dó ar a cheapachán nua, leag Ó Cearbhaill béim ar leith ar ghluaiseacht ón bpobal, agus dúirt go bhfuil “pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta thuaidh agus theas spreagtha chun gnímh agus a gcearta teanga á lorg acu ó na Rialtais”.

Dar le Ó Cearbhaill nach mór do na státchórais agus na polaiteoirí ar fud an oileáin cosaint agus tacaíocht shásúil a thabhairt do phobal na Gaeilge ar fud na tíre, agus tá súil aige go gcinnteofar go mbeidh Gaeilge líofa ag fostaithe stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll faoi dheireadh 2016.
 
Le linn na hArd-Fheise, ritheadh an rún éigeandála a leanas d’aon ghuth i dtaca le cás sa Chúirt Uachtarach le déanaí inar diúltaíodh giúiré dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla a cheadú:
Molann an Ard-Fheis an-aird ar chinneadh na Cúirte Uachtaraí faoin gceist faoi giúiré dátheangach i nGaeilge chomh maith le Béarla; mar leigheas moltar leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chun a chinntiú go mbeidh ar chumas saoránach - as an nGaeltacht go háirithe – a bheith cinnte go dtuigfidh gach duine den ghiúiré an fhianaise go cruinn, gan cabhair, gan cúnamh.

Moladh chomh maith le linn Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2014 go ndéanfaí aisghairm ar an Acht um Riar na Córa (Teanga) (Éire) 1737 a chuireann cosc ar úsáid teanga ar bith eile seachas an Béarla in imeachtaí cúirte ó thuaidh, le cearta teanga agus comhionannas sna cúirteanna a chinntiú do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud an oileáin.
 
I measc na rún eile a glacadh leo ar an deireadh seachtaine, bhí na rúin seo a leanas ag tacú leis an bhfeachtas uile-oileáin le cothrom na féinne a bhaint amach do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta:
• Seirbhís stáit as Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll faoi dheireadh 2016;
• Seirbhísí Stáit a chur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeilge ar comhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla;
• Acht Gaeilge cuimsitheach ceart-bhunaithe a achtú ó thuaidh;
• Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú in 2014;
• Deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017; agus
• An pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus sa Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh

Foilsithe ar Gaelport.com 03 Márta 2014

B'fhéidir go mbeadh spéis agat sna hailt seo a leanas:
Agallamh le Cóilín Ó Cearbhaill, Tóstal na Gaeilge 2012 
Call for Irish language rights in Courts Services 
Man sought bilingual jury

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>