Tiocfaidh an tAire Stáit don Ghaeltacht, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., os comhair dhá Choiste Oireachtais an tseachtain seo.
Ag cruinniú den Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha ag tús mhí na Nollag a d'fhógair Seán Ó Cuirreáin go mbeidh sé ag éirí as a ról mar Choimisinéir Teanga de bharr easpa tacaíocht an Rialtais i dtaca le ceist na Gaeilge. Bhí an Coimisinéir Teanga i láthair an Chomhchoiste le cur síos a dhéanamh ar Thuarascáil a Oifige don bhliain 2012, a bhí ina hábhar conspóide anuas ar fhógra tromchúiseach Sheáin Uí Chuirreáin.
Ardaíodh neart buarthaí maidir le himpleachtaí na tuarascála, agus chinneadh Sheáin Uí Chuirreáin go háirithe, le linn an chruinnithe sin agus is mór an plé atá déanta ar an gceist ó shin i leith. Tabharfar deis don Chomhchoiste a gcuid imní a chur in iúl don Aire Stáit nuair a thiocfaidh sé os a gcomhair ar an gCéadaoin bheag seo ag 4pm.
Díreoidh an cruinniú ar an méid a bhí i dtuarascáil an Choimisinéara 2012 agus an t-astitim ó fhógra éirí as Uí Chuirreáin. Is ar an ábhar céanna a bheas cruinniú d'Fhochoiste Oireachtais eile ag díriú an tseachtain seo nuair a thiocfaidh an Fochoiste Oireachtais um Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Rudaí Gaolmhara le chéile ar an Déardaoin leis na ceisteanna a d'ardaigh Séan Ó Cuirreáin a chíoradh níos mó.
Agus é ag tuairisciú don Fhochoiste den uair dheireanach sular éirigh sé as, thug Ó Cuirreáin caint cháinteach ar staid reatha na Gaeilge ag leibhéal an Rialtais agus a bhfuil i ndán do phobal na Gaeilge mar thoradh ar dhrochsheasamh na n-údarás ina leith.
Ag an gcruinniú sin i mí Eanáir, tháinig neart ceisteanna agus moltaí chun cinn go háirithe i dtaca le hiniúchadh a dhéanamh ar an Straitéis, agus beidh deis ag an bhFochoiste plé cuimsitheach a bheith acu ar an ábhar i dteannta an Aire Stáit a bheas i láthair an chruinnithe ar an Déardaoin, 6 Márta, ag 2.15pm.
Is cinnte go gcuirfear an-spéis sa mhéid a bheas le rá ag an Aire ar roinnt ábhar amhail:
-
Stádas na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ina hiomláin
-
Insealbhú Rónáin Uí Dhomhnaill mar Choimisinéara Teanga agus staid a Oifige amach anseo
-
Ag dul i ngleic leis an gcur i gcéill ardaithe ag Seán Ó Cuirreáin
-
An Ghaeilge sa státseirbhís agus gníomhaíocht an Rialtais le dul i ngleic leis na heasnaimh
-
Cinn an Bhille i dtaca le hAcht na dTeangacha Oifigiúla
Táthar ag súil go dtabharfaí cluas éisteachta do bhuarthaí bhaill an dá Choiste le linn na gcruinnithe agus gur deis a bheas iontu d’fhonn moltaí maidir leis an mbealach chun cinn a chur faoi bhráid an Aire Stáit.
©Foilsithe ar Gaelport.com 4 Márta 2014
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Ó Cuirreáin éirithe as, Ó Domhnaill le ceapadh ag Uachtarán na hÉireann
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge