D’fhógair an Comhairleoir Dónal Lyons, a rinne ionadaíocht ar son Mhéara Chathair na Gaillimhe, Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ar 13 Márta 2014 mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge.
Bhí ardchaighdeán i gceist leis na hiarratais arís i mbliana a léirigh dearfacht agus diongbháilteacht láidir i leith na teanga.
Dhá chomhlacht déag atá ainmnithe ar Ghearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2014.
Bronnfar pacáiste gnó de luach €2,000 ar bhuaiteoirí na gcatagóirí mar aon le macasamhail de Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh urraithe ag Údarás na Gaeltachta.
Gheobhaidh buaiteoir iomlán an Ghradaim duais ar luach iomlán €17,000 urraithe ag gnólachtaí áitiúla idir phacáiste fógraíochta de luach €2,500 ón Galway Advertiser agus fheachtas poiblíochta náisiúnta. Fógraíodh The Irish Times, Galway.com agus the Solution Guys mar urraitheoirí nua i mbliana.
Is iad seo a leanas na gnólachtaí agus na heagraíochtaí a roghnaíodh do na catagóirí éagsúla sa ghearrliosta i mbliana:
Miondíol, urraithe ag Galway Bay FM:
CARA Pharmacy
FUJIFILM | Gaillimh
Siopa Leabhar Charlie Byrne
Tesco, Galway
Turasóireacht & Fáilteachas, urraithe ag Fáilte Ireland
Óstán an Ardoileáin
The House Hotel
Seirbhísí, urraithe ag Snap Galway
Brendan James Financial Services
An tIonad Éigeandála um Éigniú, Gaillimh
Tí Tighe Fascinators 7 Fáiscín
Comhlachtaí Eile, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Dúchas na Gaillimhe
Oakwood Crèche
iSupply
Fógróidh an tAire Stáit, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., An Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta, buaiteoirí na gcatagóirí agus buaiteoir iomlán an Ghradaim ag Searmanas speisialta, Déardaoin 10 Aibreáin 2014 ag 6.30pm in Óstán Chuan na Gaillimhe, Bóthar na Trá, Gaillimh.
©Foilsithe ar Gaelport.com 14 Márta 2014
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Suíomh aimsithe do Ghaelcholáiste an Phiarsaigh
Seans deireanach cur isteach ar Chomórtas Filíochta Uí Néill
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge