Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Deiseanna do theagascóirí Gaeilge i gCeanada

$
0
0

An raibh suim agat riamh do theanga náisiúnta, an Ghaeilge a mhúineadh i dtíortha éagsúla timpeall na cruinne?

Tá méadú tagtha ar líon na ndeiseanna chun an Ghaeilge a mhúineadh agus cultúir na nGael a roinnt i dtíortha cosúil le Meiriceá, an Astráil, an tSín agus Ceanada le blianta beaga anuas.

Tá Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada ag glacadh le hiarratais chun tacú le teagasc na Gaeilge in ollscoileanna áirithe i gCeanada i láthair na huaire. Bhunaigh an Dr Craig Dobbin, Talamh an Éisc, agus an Dr Pádraig Ó hIrghile, iar-Uachtarán na hÉireann, an Fhondúireacht sa bhliain 1994.

Níl uait ach líofacht sa Ghaeilge agus cáilíocht tríú leibhéal chun iarratas a dhéanamh. Beidh taithí ag múineadh na Gaeilge chomh maith le haon cháilíochtaí nó scileanna iomchuí eile ina gcabhair d’iarratasóirí.

Caithfidh na hiarrthóirí a cheapfar tréimhse naoi mí (Meán Fómhair 2014 – Bealtaine 2015) sna hollscoileanna seo leanas:

  • University of St. Michael’s College, University of Toronto, Ontario
  • Concordia University, Montreal, Quebec
  • St. Mary’s University, Halifax, Nova Scotia
  • St. Thomas University, Fredericton, New Brunswick
  • Memorial University, St. John’s, Newfoundland
  • University of Ottawa, Ontario
  • University of Prince Edward Island

Tabharfaidh an dámhachtain seo deis cur le do scileanna múinteoireachta agus cur le d’eolas faoi shochaí agus chultúr Cheanada.

Má tá suim agat sa deis iontach seo, is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na téarmaí agus na coinníollacha chomh maith leis na foirmeacha iarratais ag www.icuf.ie/clar-gaeilge/teagascoiri. Ba chóir an fhoirm iarratais, litir mhínithe agus na tuairiscí moltóra a sheoladh go gaeilge@icuf.ie. Glacfar le hiarratais suas go dtí 5.00pm, Dé hAoine, 28 Márta 2014.

©Foilsithe ar Gaelport.com 20 Márta 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Ceannaire Gaeilge tras-rannach le hearcú ag RTÉ

Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2014 fógartha

Folúntais: Múinteoirí do Chúrsaí Samhraidh Gaeilge

Lean @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>