Bronnfar Gradam Shean-Nós Cois Life ar Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha ag ócáid speisialta ar 5 Aibreán 2014 mar chuid d'fhéile Sean-Nós Cois Life.
Déantar ealaíona agus oidhreacht na Gaeltachta a cheiliúradh ag Féile Sean-Nós Cois Life a reáchtáiltear sa phríomhchathair go bliantúil. Bailíonn scoth na n-amhránaithe, na ndamhsóirí agus na gceoltóirí ag an bhféile iomráiteach seo le ceardlanna éagsúla a mhúineadh agus le seisiúin neamhfhoirmiúla a chasadh.
Beidh féile na bliana seo ar siúl ó 4-6 Aibreán 2014 agus i measc na n-aíonna a bheas i láthair beidh Ógie Ó Céilleachair as An Rinn i gCo. Phort Láirge; Bernie Ní Dhuibhir as Tír Chonaill; an damhsóir Marian Ní Chonghaile as Conamara; Cait Nic Suibhne as Maigh Eo; an t-amhránaí agus an ceoltóir aitheanta Síle Denvir ón ngrúpa ceoil Líadan; Suzanne Ní Ghallchóir agus Pól Phadaí Dubh Ó Gallachóir as Tír Chonaill mar aon le hÉamonn de Barra as Baile Átha Cliath.
Ar an Satharn, 5 Aibreán, bronntar Gradam Shean-Nós Cois Life ar an amhránaí aitheanta Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha as ceantar Iorras Aithneach i gConamara. Bronntar an gradam seo ar dhuine éigin a meastar go bhfuil saibhriú faoi leith déanta aige nó aici ar an amhránaíocht dhúchasach thar na blianta.
Tá aithne fhorleathan ar Johnny Mháirtín mar amhránaí sean-nóis agus bíonn sé le cloisteáil go minic ag féilte ar fud na tíre. Is amhránaí paiteanta é agus fear uasal lách a thugann spreagadh agus cúnamh d’amhránaithe óga agus iad i mbun foghlama. Is mar chomhartha ómóis agus measa dá chuid oibre ar son traidisiún a cheantar dúchais a bhronnfar Gradam Shean-Nós Cois Life air le linn na féile i mbliana.
Reáchtálfar an bronnadh i gClub na Múinteoirí ar Chearnóg Parnell ag 9.00pm.
Tá tuilleadh eolais maidir le himeachtaí ar fáil ag www.seannos.ie.
©Foilsithe ar Gaelport.com 20 Márta 2014
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Deiseanna do theagascóirí Gaeilge i gCeanada
Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2014 fógartha
Duaiseanna Ghlór na nGael fógartha
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge