Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Féile Raifteirí 2014

$
0
0

Comóradh iontach leagtha amach in ómós Raifteirí le linn 'Féile Raifteirí' i mBaile Locha Riach agus i gCreachmhaoil i gContae na Gaillimhe ó 27-30 Márta 2014.

Déantar Féile Raifteirí a cheiliúradh gach bliain ar bhreithlá Raifteirí a chaith mórán dá shaol sa cheantar.  Le linn na féile leagtar béim ar an amhránaíocht, an litríocht, an drámaíocht, an fhilíocht agus an ceol trraidisiúnta.

Cuirfear tús spelodrach le féile na bliana seo ar an Déardaoin, 27 Márta, in Óstán Locha Riach áit a mbeidh Ceolchoirm na nÓg ar siúl ag 7i.n.

Ar an Aoine, 28 Márta, beidh oíche oscailte a reáchtáil ag a mbeidh ciorcal amhránaíochta, filíochta oscailte agus seisiún ceoil i gCúl an Tí, Gaeilge Locha Riach, ag 9i.n.  I measc na n-aíonna beidh Marcus, Proinsias & Breandán Ó hIarnáin ó chlann cheolmhar Uí Iarnáin as Roisín na Mainiach i gCarna. I láthair freisin beidh an file aitheanta Ailbhe Ní Ghearbhuigh as Ciarraí agus an t-amhránaí Treasa Ní Mhiolláin.

Ar an Satharn, 29 Márta, beidh ceardlann i gcuideachta an fhile Ailbhe Ní Ghearbhuigh do leanaí Chlanna Gaeilge an Eachréidh, in ionad Ghaeilge Locha Riach ó 10:30r.n go dtí a meán lae.  Do leanaí atá á dtógáil le Gaeilge ag tuiste amháin ar a laghad é seo.  Cuirtear fáilte roimh bhaill úra ach áit a chur in áirithe roimh ré.

Níos déanaí an lá sin stiúrfaidh  Ailbhe Ní Ghearbhuigh ceardlann filíochta do dhaoine fásta in ionad Ghaeilge Locha Riach ó 4.30i.n. go dtí 6i.n.  Tá saorchead isteach ach áit a chur in áirithe roimh ré.

Oíche Dé Sathairn beidh Ceolchoirm Mhór na Féile ar siúl i Leabharlann Bhaile Locha Riach ag 8 i.n. I measc na n-aíonna i láthair beidh Liz & Yvonne Kane as Conamara, John Blake, Nathan Polanski agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus €10 ar thicéid.

Dé Domhnaigh, 30 Márta, beidh cóisir le ceol, amhránaíocht agus scéalaíocht cois uaighe Raifteirí, i Reilig Chill Fhinín i gCreachmhaoil ag 1 i.n. agus cuirfear clabhsúr leis an bhFéile i dTigh Cheever, Creachmhaoil, ina dhiaidh, le tuilleadh ceoil, damhsa agus comhrá, ag 2 i.n.

Is féidir gach eolas a fháil ach teagmháil a dhéanamh le Gaeilge Locha Riach: 091-870718 / oifig@lochariach.com.

©Foilsithe ar Gaelport.com 24 Márta 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Gradam Shean-Nós Cois Life

Duaiseanna Ghlór na nGael fógartha

Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2014 fógartha

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge 


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>