Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Ocht ndán san iomaíocht le haghaidh Chorn an Choirnéil Eoghain Uí Néill 2014

$
0
0

Tá áthas ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge gearrliosta Chomórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill a fhógairt go hoifigiúil inniu 25 Márta 2014.

Tá an comórtas dátheangach seo á reáchtáil den seachtú bliain as a chéile ó bhí 2008 ann.

Dúirt Máire Ní Phuirséil ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: “Bhí iomaíocht ghéar i gceist leis an ngearrliosta i mbliana arís agus is cinnte go mbeidh jab fíor-dheacair ag na moltóirí dán buacach a roghnú ar an oíche!”

94 dán a bhí san iomaíocht do Chomórtas Filíochta Uí Néill 2013, ó 49 iarrthóir ar leith, agus astu siúd bhí 83 dán i nGaeilge agus 11 dán i nGàidhlig do Chomórtas Filíochta Uí Neill 2014.  Ocht ndán atá roghnaithe anois don ghearrliosta. 

Deir Ní Phuirséil: “Tá sé mar aidhm ag an gcomórtas seo an gaol idir an dá theanga agus an bhfilíocht a neartú agus is siombail í an líon mór iontrálacha a tháinig isteach don chaighdeán ard cruthaitheachta a mhaireann i measc fhilí ár linne”.

Is iad na dánta a leanas a rachaidh ar aghaidh chuig craobh ceannais an chomórtais:

  1. Ar Iasacht le Colette Nic Aodha
  2. Cailleach air an Tràm le Crìsdean MacIlleBhàin
  3. Seiteanna Caillte le Kaarina Hollo
  4. The Union Jack le Marcus Mac Conghail
  5. An Gobán Saor  le Mícheál Ó Ruairc
  6. Na Fir-Chlis le Sandaidh NicDhòmhnaill Jones
  7. Gabhar ar Itice le Simon Ó Faoláin
  8. Aubade le Tadhg Ó Dúshláine

Tiocfaidh na filí ar fad le chéile le linn Chraobh Ceannais Chomórtas Filíochta Uí Neill 2014 a bheidh á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar an Aoine, 11 Aibreán 2014 in Ionad Cois Teallaigh, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 ag 8 i.n., áit a léifidh siad a gcuid dánta agus áit a mbronnfar Corn an Choirnéil Eoghain Uí Néill agus duais €500 ar scríbhneoir an dáin bhuacaigh.

Beidh an scríbhneoir, staraí liteartha agus craoltóir iomráiteach Alan Titley ina fhear an tí ar an oíche. Is í an file aitheanta Celia de Fréine agus an tOllamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath Máire Ní Annracháin, bean a bhunaigh a tráchtas dochtúireachta ar shaothar an fhile Albanaigh, Somhairle MhicGill-Eain, a bheidh mar mholtóirí ar chomórtas na bliana seo.

Anuas air seo, beidh neart siamsaíochta le ceol agus amhráin leis an gceoltóir agus an t-amhránaí aitheanta Síle Denvir ón ngrúpa ceoil Líadan.

Tá fáilte roimh chách teacht agus an t-atmaisféar álainn cultúrtha a shú isteach.

Foilseofar dán buaiteach na bliana seo san irisleabhar ‘Comhar’ mar chuid den duais.  Anuraidh, ba é an file Philip Cummins a chroch an corn leis dá dhán Gaeilge ‘Coonla’.

©Foilsithe ar Gaelport.com 25 Márta 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Féile Raifteirí 2014

Gradam Shean-Nós Cois Life

Duaiseanna Ghlór na nGael fógartha

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>