Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Dánta uile an Riordánaigh faoi aon chlúdach amháin

$
0
0

Duine de mhórfhilí na Gaeilge ón bhfichiú haois ab ea Seán Ó Ríordáin. Rugadh i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí é an 3 Nollaig 1916, agus b’ann a chaith sé tús a óige. Chuaigh sé go cathair Chorcaí le freastal ar scoil ansin, agus d’fhan sé ina chónaí sa chathair an chuid ba mhó dá shaol.  Chuaigh sé le hiriseoireacht agus é ag scríobh go rialta ar an Irish Times.Foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, ba é Seán Ó Coileáin, Ollamh Emeritus le Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh a chuir na dánta go léir in eagar don fhoilseachán úr.Tá saothar iomlán filíochta Sheáin Uí Ríordáin baillithe le chéile sa leahbar ina measc na trí chnuasach a foilsíodh lena bheo, Eireaball Spideoige (1952), Brosna (1964), agus Línte Liombó (1971), chomh maith leis an saothar a cuireadh i gcló tar éis don fhile imeacht ar shlí na fírinne, Tar Éis mo Bháis (1978).  Beidh an leabhar á sheoladh ag an bhfile agus scoláire Gaeilge,  Louis de Paor  sa Seomra Caidrimh in Áras Uí Rathaille i gColáiste na hOllscoile Corcaigh ag 5pm.©Foilsithe ar Gaelport.com 07 Nollaig 2011.

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>