Thug an láithreoir, Máirín Hurndall ionadaithe le chéile ó eagrais phobail in oirthear agus in iarthar chathair Bhéal Feirste, in éineacht leis an saineolaí logainmneacha, an t-Ollamh Micheál Ó Mainnín ó Ollscoil na Banríona don phlé.
Thosaigh siad amach le beagán eolais ar logainmneacha agus faoin deireadh d’éirigh leis an cheathrar cur go mór lena gcuid eolais faoi logainmneacha Bhéal Feirste.
Thug an t-Ollamh Ó Mainnín obair bhaile do na rannpháirtithe chun tuilleadh eolais a aimsiú faoi logainmneacha ina gceantar féin.
Agus ní raibh deacracht ar bith acu roinnt torthaí suimiúla, iontacha a aimsiú agus iad ar fad faoina threoir.
Craolfar an dá chlár ar Raidió Fáilte 107.1fm agus ar fud an domhain ar www.raidiofailte.com Dé Céadaoin 14 Nollaig 2011 ar 4.00in agus arís ar an Déardaoin 15 Nollaig ag an am céanna.
©Foilsithe ar Gaelport.com 07 Nollaig 2011.
↧