Tá grúpa déagóirí as Gaelsgoil Ghlaschú ag déanamh a mbealach go Gaoth Dobhair inniu chun páirt a ghlacadh i malartú óige leis An Crann Óg. Beidh siad ag foghlaim ceol agus damhsaí óna chéile agus ag glacadh páirt i dturasanna agus imeachtaí lena chéile thar an deireadh seachtaine. Is é seo an chéad chuid den malartú, ag deireadh na míosa beidh an grúpa ceoil áitiúl ag taisteal go Glaschú chun níos mó cleachta a dhéanamh leis an dream thal agus chun coirmceoil mór a dhéanamh le chéile sa chathair.
↧