Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i nDoirí Beaga inniu d’fháiltigh an Bord roimh an chinneadh a rinne An Chomhairle Ealaíon agus Údarás na Gaeltachta maoiniú a chur ar fáil don Chomhlacht Ealaín (na Gaeltachta) Teo. dá chlár gníomhaíochtaí don bhliain 2011. Is é maoiniú €410,000 atá a chur ar fáil ag an Chomhairle Ealaíon d’Ealaín (na Gaeltachta) Teo agus tá comhaoiniú ag teacht ón Údarás.
↧