Ag an ócáid, labhróidh saineolaithe ar theangeolaíocht agus ar chearta teanga idirnáisiúnta, ina measc siúd beidh an tOllamh Robert Dunbar (University of Aberdeen) agus an tOllamh Colin Williams (University of Cardiff).
Is í an scátheagraíocht POBAL atá ag eagrú na hócaide agus chuir Príomhfheidhmeannach na heagraíochta, Janet Muller, fáilte ar leith roimh chinneadh Basil McCrea a bheith ina óstach go comhpháirteach ar an ócáid.
Chomh maith leis sin déanfaidh cainteoirí ón Bhreatain Bheag agus ó Albain tuairisc ar an ndul chun cinn atá bainte amach le déanaí maidir le reachtaíocht teanga.
Ina measc siúd beidh Hywel Hughes, Ceann na Seirbhíse Chúirteanna sa Bhreatain Bheag, Alasdair MacCallum Oifigeach na Gaidhlig i bParlaimint na hAlban agus Domhnall Mac Neeil Príomhfheidhmeannach Comann na Gaidhlig in Albain.
Glacadh le moltaí Pobal maidir le reachtaíocht teanga a chur ar bun i dTuaisceart Éireann sa bhliain 2007 tar éis na ngealltanas a leagadh amach i gComhaontú Chill Rimhinn. Ach is beag dul chun cinn atá bainte amach ó shin agus tá Pobal ag súil go mbeidh an tAcht ar an gclár polaitiúil arís tar éis na hócáide ar 16 Samhain.
“ Sa tréimhse ó tugadh an gealltanas leis an Acht a chur i bhfeidhm, i ndlínsí eile bhí cosaint reachtaíochta do theangacha ag dul i bhfeabhas agus ba mhaith linn a bheith cinnte go bhfuil na hathruithe seo curtha san áireamh agus muid ag obair i dtreo Acht na Gaeilge”, a dúirt sí.
©Foilsithe ar Gaelport.com 15 Samhain 2011
↧