Eagraithe ag an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge, seimineár náisiúnta a bhí sa tionól do mhúinteoirí Gaeilge ag an dara leibhéal le rogha de 30 ceardlann.
Cuireadh tús le himeachtaí an Tionóil le heocharchaint le Dónall Mac Diarmada, Príomhchigire le Coimisiún na Scrúduithe Stáit, a rinne cur síos cuimsitheach ar na hathruithe atá tagtha ar scrúdú Gaeilge na hardteistiméireachta.
Spreag an eocharchaint seo neart ceisteanna ón lucht féachana, agus ghlac Mac Diarmada an deis chun ceisteanna na múinteoirí a fhreagairt.
Le linn an tseisiúin phlé seo, léiríodh míshástacht leis an múnla reatha gur scrúdú comónta atá sa Bhéaltriail, agus moladh go mba cheart go mbeadh an scrúdú dírithe ar chumas na ndaltaí, is é sin go mbeadh scrúdú ann ag an ardleibhéal agus ag an ngnáthleibhéal.
Lean an Tionól thar dhá lá, le breis agus 30 ceardlann ar siúl ar an Satharn, ag clúdach réimse leathan topaicí, le béim ar leith á leagan ar theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide.
Labhair Cathal Ó Mórdha faoi na bealaí ar féidir úsáid a bhaint as an nuatheicneolaíocht, ar nós an iPad, chun ullmhú don bhéalscrúdú Gaeilge.
Labhair Seán Ó Gáibhín faoin gclár bán idirghníomhach, agus labhair Dr Marcus Ó Conaire faoi thionscnamh reatha atá curtha ar bun aige le tacaíocht na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, áit a bhfuil cartlann d’áiseanna teagaisc ar fáil beo ar iTunes. Is féidir teacht ar an ábhar seo ach dul isteach ar iTunes, gliogáil ar an gcatagóir K-12 agus cuardach a dhéanamh ar “COGG”.
Le linn an Tionóil rinne Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge seoladh den DVD Cuireadh Chun Cainte.
Treoir phraiticiúil é Cuireadh Chun Cainte dóibh siúd atá ag tabhairt faoi bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta. Tugadh cóip den DVD in aisce do gach múinteoir a bhí i láthair, agus tá an físeán iomlán le feiceáil anois ag an nasc seo.
>>Thuas ar chlé san íomha tá Dónal Mac Diarmada, Coimisiún na Scrúduithe Stáit a thug eocharchaint an tionóil.
©Foilsithe ar Gaelport.com 15 Samhain 2011
↧