Is cosúil go mbeidh an Breitheamh Blake agus a chomhghleacaithe ar an gcoiste gnóthach go leor sna míonna atá amach romhainn mar cuirfear an t-Aistriúchán Gaeilge ar na foirmeacha i Rialacha na nUaschúirteanna faoi bhráid an choiste go luath.
D’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Alan Shatter TD chomh maith inné go bhfuil i gceist ag an rialtas tús a chur le foilsiú Orduithe Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge a chuirfear in ionad na nOrduithe atá ann mar bhonn leis an mbailiúchán de théarmaí dlí, ‘Téarmaí Dlí’ atá as cló le fada.
Is é an Breitheamh Onórach Adrian Hardiman, Breitheamh den Chúirt Uachtarach atá ina Chathaoirleach ar an gcoiste. Leis ar an gcoiste, tá Vivian Uíbh Eachach, Príomh-Aistritheoir, Rannóg an Aistriúcháin agus dlí-chleachtóirí agus aistritheoirí a bhíonn ag feidhmiú sa réimse seo.
Bunaíodh an Coiste Comhairlitheach um Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge faoin Acht Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge 1945.
©Foilsithe ar Gaelport.com 16 Samhain 2011.
↧