Thug an banfhile an svae léi ar an oíche leis an leabhar atá foilsithe ag Leabhar Breac. Ba í seo an tríú huair don chomhlacht foilsitheoireachta atá lonnaithe in Indreabhán i gConamara an duais liteartha a ghnóthú.
Déantar cur síos sa leabhar ar shaol Ghearóid Mhic Gearailt, file Gaelach agus taoiseach Normannach a bhí ina tríú hIarla Deasmhumhan sa 14ú haois.
Bíonn an comórtas liteartha á reáchtáil ag Oireachtas na Gaeilge agus tá sé mar sprioc aige foilsitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn. Ar an gcoiste moltóireachta i mbliana bhí Rhóda Uí Chonaire, Paul Drury, Mícheál Ó Cróinín agus Vivian Uíbh Eachach.
Bronnadh duais €7,500 ar an bhfoilsitheoir agus duais €5,000 ar Mháire Mhac an tSaoi chomh maith le dealbh criostal.
San iomaíocht léi don phríomhdhuais i roinn na ndaoine fásta, bhí Tony Mcnally le ‘Dialann Dúlra’; Liam Mac Mathúna le ‘Séadna’, Biddy Jenkinson le ‘Duinnín Bleachtaire ar an Sceilge’ agus Gearóid Denvir le ‘Sé an Saol an Mháistir’.
Bhronn Beirní Ní Chuinn ó RTÉ Raidió na Gaeltachta gradam leabhar na bliana do dhaoine óga, Gradam Réics Carlo ar Chaitriona Hastings agus ar an maisitheoir Andew Whitson don scéal eachtraíochta do leanaí ‘Mac Rí Éireann’.
Bronnadh duais €7,500 ar an tSnáthaid Mór, foilsitheoir an leabhair agus €2,500 an duine ar an scríbhneoir Caitríona Hastings agus ar an maisitheoir Andrew Whitson.
Dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge go raibh éacht déanta ag na foilsitheoirí leabhair ar ardchaighdeán a fhoilsiú in ainneoin go bhfuil drochbhail ar thionscal na foilsitheoireachta ar fud an domhain.
©Foilsithe ar Gaelport.com 16 Samhain 2011
↧