Is féidir le daoine a bhfuil leibhéal C1 bainte amach aige/aici iad féin a chur in iúl go líofa, spontáineach; ní bhíonn siad sa tóir ar fhocail.
Tuigeann siad téacsanna dúshlánacha (fís, fuaim agus an focal scríofa) gan mórán dua agus tá ar a gcumas an teanga a úsáid agus a chur i bhfeidhm go solúbtha éifeachtach ina saol gairmiúil agus pearsanta. Nuair atá ábhair chasta faoi chaibidil, beidh an té a bhfuil C1 bainte amach aige in ann é féin a chur in iúl go soiléir agus go sonrach.
Bheadh cáilíocht C1 ina bhuntáiste do dhaoine atá ag obair leis an nGaeilge cheana féin nó gur mhaith leo a bheith ag obair le Gaeilge sa todhchaí, ar mhian leo cruthúnas a fháil ar a gcumas sa Ghaeilge, sna scileanna éagsúla. Ba mhór an buntáiste an cháilíocht seo chomh maith do mhúinteoirí gur mhian leo cúrsaí ag leibhéal C1, agus leibhéil eile TEG, a mhúineadh amach anseo.
Is é an 9 Eanáir 2012 an spriocdháta d’iarratais. Tuilleadh eolais ar www.teg.ie nó glaoigh ar 01 7086417.
Foilsithe ar Gaelport.com 13 Nollaig 2011.
↧