Is í Lasairfhíona Ní Chonaola, amhránaí óg a tógadh ar Inis Oírr, atá tar éis an leagan Gaeilge a chasadh ar dhlúthdhiosca nua, Celtic Christmas.
Tá glór binn Lasairfhíona le cloisteáil i measc amhránaithe éagsúla eile as na tíortha ceilteacha agus leaganacha úra ceilteacha de charúil na Nollag á gcasadh acu.
Ina measc tá Dougie MacLean ag casadh 'Auld Lang Syne'; The Albion Christmas Band ag casadh 'Here We Come A-Wassalling', Druidstones ag casadh 'Noel Nouvelet' agus David Huntsinger ag casadh leagan ceilteach de ‘Angels We Have Heard On High’.
Deir Lasairfhíona gur iarr an chomhlacht Putumayo uirthí coimisiúniú a dhéanamh dóibh mar gach aon bhliain bíonn seánra ceoil ar leith roghnaithe do dhlúthdhiosca na Nollag.
Tá i gceist aici féin filleadh ar ais ar an stiúdeo agus albam iomlán dá cuid féin a thaifead san athbhliain.
Tá an dlúthdhiosca eisithe ag an gcomhlacht Putumayo agus tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.Putumayo.com.
©Foilsithe ar Gaelport.com 13 Nollaig 2011
↧