Seirbhísí Eolais na Comhdhála
• Gradam Idirlín na hÉireann don láithreán gréasáin Gaeilge is fearr buaite ag Gaelport.com don dara bhliain as a chéile, agus ainmníodh Gaelport.com do Ghradam Digitieach na hÉireann.
• Feidhmchlár d’fhóin chliste forbartha ag Gaelport.com.
• Os cionn 2,100,000 cuairteoir chuig Gaelport.com i rith na bliana. 80% de na cuairteoirí sin atá lonnaithe in Éirinn.
• 7,477 síntiúsóir d’EOLAS, ríomhiris leictreonach choicísiúil ó Gaelport.com.
• 2,496 síntiúsóir don ríomhiris laethúil As Na Nuachtáin.
• Athdhearadh ar leathanach baile Gaelport.com ina bhfuil béim bhreise curtha ar na meáin úra agus ar na cúig fhotha nuachta agus eolais a fhoilsítear ar an suíomh gach lá.
• Forbairt ar Féilire na Gaeilge ar Gaelport.com, seirbhís eolais ina bhfuil cur síos ar na himeachtaí Gaeilge atá ar siúl ar fud an domhain.
• Forbairt ar an tseirbhís Fógraí Folúntais, seirbhís earcaíochta saor in aisce. Fógraíodh 97 post Gaeilge ar Gaelport.com sa bhliain 2011.
• Forbairt ar an tseirbhís Foghlaim, seirbhís eolais maidir le cúrsaí traenála agus ranganna Gaeilge ar gach aon leibhéal. Fógraíodh 75 cúrsa Gaeilge ar Gaelport.com i rith na bliana.
• Forbairt leanúnach ar Gaelport.com ar na hardáin shóisialta dhigiteacha agus ábhar ilmheáin, físeáin agus grianghraif foilsithe ar YouTube, Facebook, Twitter agus Vimeo.
• 931 síntiúsóir cláraithe do COGAR, seirbhís eolais leictreonach dírithe ar chraoltóirí raidió.
• Colún rialta foilsithe in Foinse gach Céadaoin a thugann ardán don obair atá ar siúl in earnáil na Gaeilge.
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
• Seoladh 5 aighneacht chuig comhlachtaí poiblí a bhí ag ullmhú dréachtscéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le linn na bliana.
• Eolas curtha ar fáil don phobal agus do chomhlachtaí poiblí maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
• Feachtas poiblíocht chun an pobal a spreagadh chun seirbhísí trí Ghaeilge a úsáid.
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
• Reáchtáladh sraith de sheimineár poiblí, An Ghaeilge i do Cheantar: Do Theanga; Do Phobal; Do Rogha i Luimneach, i nDún Garbhán agus i gCorcaigh. Thug na seimineáir seo deis don phobal a dtuairimí a nochtadh i dtaobh na Straitéise, agus plé a dhéanamh ar dheiseanna chur chun cinn na Gaeilge faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge d’fhonn gréasáin Ghaeltachta láidre a bhunú agus a fhorbairt ina gceantair féin.
Stocaireacht
• Ionadaíocht ghníomhach glactha ar an gCoiste Seasta ar an nGaeloideachas lena n-áirítear ionadaíocht ar an Meitheal Oibre ar Thaighde agus Seimineár Taighde a eagrú.
• Páirt ghníomhach glactha san fheachtas chun Acht Teanga a bhaint amach do Thuaisceart Éireann.
• Feachtas tacaíochta don Ghaeilge ag leibhéal na hArdteistiméireachta le linn Olltoghchán 2011, i measc páirtithe polaitiúla, iarrthóirí neamhspleácha agus an pobal i gcoitinne.
• Feachtas tacaíochta don Ghaeilge le linn Thoghchán Uachtaránachta 2011 i measc iarrthóirí na hUachtaránachta.
Fóram na nEagraíochtaí Bunmhaoinithe
• Ghlac an Chomhdháil páirt lárnach i bhFóram na nEagraíochtaí Bunmhaoinithe chun dul i ngleic le hathruithe san earnáil, i gcomhar lena balleagraíochtaí, le heagraíochtaí bunhmhaoinithe eile agus leis an dá Stát.
Buntáiste Breise na Gaeilge
• D’fhreastail os cionn 1,400 dalta scoile ó 45 iar-bhunscoil ar sheimineáir Buntáiste Breise na Gaeilge.
Cuireadh Chun Cainte
• Cuireadh treoir phraiticiúil ar fáil i bhfoirm físeáin, treoirleabhar agus seimineáir chomhairleacha dóibh siúd a bheidh ag tabhairt faoi Bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta ó 2012 ar aghaidh. Is i gcomhar le Comhar na Múinteoirí Gaeilge a tugadh faoin tionscadal seo.
Ceardlann Scileanna Raidió
• Cuireadh Ceardlann Scileanna Raidió ar fáil i gcomhar le Raidió na Life dírithe ar eagraíochtaí Gaeilge agus ar dhaoine atá ag obair leis an nGaeilge sa phobal.
Turas na bhFilí
• Lánfhreastal ar ócáidí na féile malartaithe cultúir seo idir Éirinn agus Albain. Cuireadh an-spéis arís i mbliana sa chomórtas filíochta dátheangaí a eagraíodh le linn na féile.
An Fáinne
• D’éirigh go maith le díolachán na bhFáinní Óir, Airgid agus Seanfháinní i rith na bliana, agus tháinig formhór na n-orduithe tríd an siopa ar líne, le hardú de bhreis agus 20% ar líon na bhfáinní a díoladh an bhliain roimhe sin.
Bileoga Aifrinn
• D’éirigh go maith leis an tseirbhís Bileoga Aifrinn arís i mbliana.
© Foilsithe ar Gaelport.com 13 Nollaig 2011
↧