Tháinig siad sna sála ar chinneadh a d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin TD mar chuid d’fhorálacha na cáinfhaisnéise don bhliain 2012.
Moladh sa cháinfhaisnéis go n-ardófar an cóimheas idir múinteoirí agus daltaí i scoileanna beaga le níos lú ná ceathrar múinteoirí fostaithe ann.
Deir Treasa Ní Mhainín ó Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta go bhfuil an baol ann go bhfágfar go leor ceantar Gaeltachta le scoileanna folamh agus go mbeidh poist i mbaol má dhéantar cónascadh ar scoileanna beaga.
Tá an baol ann go ndúnfar suas go 91 bunscoil Gaeltachta a bhfuil 86 nó níos lú dalta ag freastal orthu laistigh do thréimhse an-ghearr.
“Cuireann sé an-imní orainn go bhfuiltear ag féachaint i dtreo scoileanna a chónascadh, agus tá an baol go gcuirfear brú ar scoileanna i gceann roinnt blianta má tá uimhreacha ísle i roinnt de na scoileanna.”, a deir sí.
I mBaile Bhúirne aréir, bhailigh múinteoirí agus tuismitheoirí ó scoileanna Gaeltachta an deiscirt agus reáchtáladh cruinniú ar an gCeathrú Rua i gConamara chomh maith.
Arís, mar a tharla i gcás na conspóide a bhain leis an bhfógra go ndúnfaí Oifig an Choimisinéara Teanga roimh don Roinn torthaí an athbhreithnithe ar an Acht Teanga a fhoilsiú, ghlac an Rialtas an cinneadh faoin gcóimheas beag beann ar thuarascáil a bhaineann le hinmharthanacht agus luacháil na scoileanna i gceantair thuaithe.
Ní fios go fóill cathain a fhoilseofar an tuarascáil ach is cosúil go gcuirfear faoi bhráid an Aire Oideachais é i lár na bliana 2012.
Idir an dá linn, tá géarchéim na scoileanna tuaithe agus Gaeltachta ag déanamh tinnis do go leor, agus do mhuintir Ghaeltacht Dhún na nGall go háirithe.
Is cosúil go mbeidh an cheist seo agus an chonspóid a bhain le dúnadh scoil náisiúnta Mhín na Manrach idir chamáin tráthnóna inniu in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeltachta i nGaoth Dóbhair ag 4.30pm.
Fógraíodh an tseachtain seo caite go gcuirfear deireadh leis an maoiniú atá a thabhairt don scoil náisiúnta atá lonnaithe i Mín na Manrach i gContae Dhún na nGall.
D’admhaigh an tAire Stáit, Dinny McGinley TD, áfach nach nglacfaí aon chinneadh maidir leis an scoil gan toill na dtuismitheoirí agus an bhoird bhainistíochta a chur san áireamh. Níl ach seachtar ag freastal ar an scoil atá ag ceiliúradh céad bliain a bhunaithe mbliana.
Gan amhras, tá daoine ann atá den tuairim nach bhfuil sé éifeachtúil tacaíocht a thabhairt do scoileanna ar a bhfuil líon an-bheag daltaí ag freastal.
“ Cad is éifeachtúlacht ann, i gcomhthéacs go bhfuil athbhreithniú ar luacháil na scoileanna beaga ar siúl nach bhfuil críochnaithe, conas is féidir le haon duine a leithéid de rud a rá nuair nach bhfuil an tuarascáil fiú amháin faighte ag an Aire chun cinneadh a dhéanamh” a deir sí.
“I gcás go ndúnfar scoileanna nó go ndéanfar iad a chónascadh, téann an deontas caipitíochta ar aghaidh chuig an chéad scoil eile agus téann an tuarastal leis an múinteoir. Seans nach mbeadh le sábháil ach airgead ar an mbille leictreachais, ní thuigim conas is féidir le daoine é sin a rá nuair atá páistí ag fáil oideachais ar ardchaighdeán sna scoileanna beaga.”
©Foilsithe ar Gaelport.com 13 Nollaig 2011.
↧