Tabharfaidh an lá eolais deis do ghrúpaí ealaíon agus cultúrtha ón Ghaeltacht léargas a fháil ar na deiseanna ata ar fáil dóibh mar chuid de ‘Doire, Cathair Chultúir, 2013’. Beidh deis ag na grúpaí plé a dhéanamh ar na smaointe atá acu do 2013 (comhoibriú le grúpaí as cathair Dhoire san áireamh).
Beidh cláraitheoirí imeachtaí ón ‘Comhlacht Cultúir, 2013 / Doire’, ‘Cathair Chultúir, 2013’ i láthair. Déanfaidh siad cur i láthair agus beidh deis ag na rannpháirtithe dul i bplé leo.
Tá teorann ar líon na rannpháirtithe. Ní mór clárú don ócáid. Téigh i dteagmháil le Micheál Mac Aoidh ag 074 9558025 nó r-phost m.macaoidh@udaras.ie
Foilsithe ar Gaelport.com 13 Nollaig 2011.
↧