Ceaptar gur chuir an pobal níos mó ná 1,436 suirbhé agus 260 aighneacht ar aghaidh chuig an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta ó fógraíodh an t-athbhreithniú i mí na Samhna. Eiseofar an figiúir oifigiúil sna laethanta atá amach romhainn. Dúirt an tAire Stáit Dinny McGinley TD sa Dáil inné go ndéanfadh oifigigh de chuid na Roinne anailís ar na haighneachtaí agus ar na suirbhéanna agus go gcuirfí moltaí faoina bhráid ina dhiaidh sin. Tuigtear go dtarlóidh sé seo roimh dheireadh na bliana seo. Níl sé soiléir go fóill cén modh anailíse a bheidh á úsáid ag an Roinn le mórspiocanna an athbhreithnithe a bhaint amach, is é sin measúnú a dhéanamh ar a bealaí chun an leas is fearr a bhaint as caiteachas ar an teanga agus a chinntiú go gcuirfear seirbhísí ar fáil de réir éilimh ó shaoránaigh. Tá an Roinn ag scagadh na gcáipéisí i dtús báire lena chinntiú nár tharla aon dúbláil agus gur suirbhéanna agus aighneachtaí bailí a bhí ann. Pléadh an cinneadh conspóideach maidir le cónascadh Oifig an Choimisinéara le Oifig an Ombudsamn chomh maith sa Dáil. D’fhéadfadh go mbeadh beirt Ombudsman níos éifeachtaí dar leis an Aire Stáit.“An t-aon rud gur féidir liom a rá nó, chomh fada agus a bhaineann sé liomsa, fanfaidh an coimisinéir agus beidh an chosaint chéanna ag an teanga faoi eite an Ombudsman agus atá aige i láthair na huaire faoi eite an coimisinéara. Má bhíonn an bheirt ag gníomhú le chéile, b’fhéidir go mbeidh siad fiú amháin níos éifeachtaí” a dúirt an tAire Stáit.Córas na scéimeanna teangaLe linn an phróisis athbhreithnithe ar an Acht, labhair an Coimisinéir Teanga ag Tóstal na Gaeilge agus thug sé le fios gur theip ar chóras dhaingnithe na Scéimeanna Teanga faoin Acht toisc go bhfuil dhá thrian de na scéimeanna teanga a bhí aonraithe faoin Acht imithe in éag agus go raibh sé “ionann agus do-dhéanta anois muinín a chothú athuair sa chóras sin”.Inné, pléadh ceist na scéimeanna teanga sa Dáil don chéad uair ó shin. Duirt Peadar Tóibín TD go raibh an “tóin tite as na scéimeanna seo” ar an mbonn nach raibh scéim daingnithe ag an Ombudsman, ag Roinn na Gaeltachta, nó ag Tithe an Oireachtais.Dúirt an tAire go raibh an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta le scéim úr teanga a thabhairt isteach sa Roinn atheagraithe agus go dtí go ndéantar sin, tá an Roinn ag gníomhú faoin scéim a bhí ag an Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. “Ar ndóigh, sin an fáth go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar an scéim ar fad, go bhfeicfidh muid cé chomh héifeachtach agus a bhí sé nó cé chomh mí-éifeachtach nó neamh éifeachtach agus a bhí sé”.Dúirt sé go raibh obair idir lámha ag an Roinn le comhlachtaí poiblí éagsúla chun tuairim agus 100 scéim a aontú agus a dhaingniú idir an dá linn.©Foilsithe ar Gaelport.com 01 Feabhra 2012
↧