Táthar ag súil go dtabharfaidh suas le 300 duine ó na ceantair Ghaeltachta go léir cuairt ar an ardchathair tráthnóna inniu don léirsiú ag 6 i.n.Tá Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ag comhordú an fheachtais Gaeltachta in aghaidh fógra an rialtais go n-ardófar an cóimheas idir múinteoirí agus daltaí i scoileanna beaga le níos lú ná ceathrar múinteoirí fostaithe ann.Beidh impleachtaí tromchúiseacha ann do phobail bheaga tuaithe agus don Ghaeltacht ach go háirithe dar le Treasa Ní Mhainín, Príomhfheidhmeannach Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta (ESG). Ó fógraíodh an cinneadh sa cháinaisnéis chuir ESG feachtas láidir ar bun i ngach ceantar Gaeltachta agus tionóladh cruinnithe poiblí sna Gaeltachtaí ar fad.Ach deir Treasa Ní Mhainín go bhféadfadh go mbeadh an scéal níos tromchúisí i gceantair Ghaeltachta mar gheall go mbeidh deireadh leis na socruithe speisialta don chóimheas idir múinteoirí agus daltaí i scoileanna beaga Gaeltachta.Ó bhí 2003 ann, bhí lion níos lú daltaí de dhíth ar scoileanna Gaeltachta chun múinteoirí Gaeltachta a choinneáil.Tá an léirsiú á reáchtáil inniu le tacaíocht ó Chraobh an Iarthair de Chumann Múinteoirí Éireann. Tá siad aontaithe ar an gceist gur ‘pionós dúbailte’ a bheidh ann ar an ábhar nach bhfuil i dtromlach na scoileanna Gaeltacht ach idir beirt agus ceathrar mhúinteoir, dar le Ard Rúnaí an Chumainn, Sheila Nunan.Ag labhairt dó sa Dáil inné, dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Dinny McGinley nach raibh sé ‘dall nó bodhar’ ar thionchar na gciorruithe ar scoileanna Gaeltachta mar tá an oiread sin ina cheantar féin dar leis. Beidh le feiceáil an mbeidh a chomhghleacaithe bodhraithe ag an nglór a bheidh ann mórthimpeall ar Shráid Chill Dara anocht.©Foilsithe ar Gaelport.com 01 Feabhra 2012.
↧