Don séú bliain as a chéile déanfar ceiliúradh ar chur i láthair an tsean-nóis ag Féile Cos Cos 2012 i Ráth Chormaic, Tuaisceart Co. Shligigh.
Beidh idir dhamhsa agus amhránaíocht le cloisteáil agus le feiceáil ar fud an bhaile álainn stairiúil seo ó 11 – 13 Bealtaine ó dhamhsóirí, ceoltóirí agus amhránaithe iomráiteacha, áitiúla agus idirnáisiúnta.
Is é an complacht damhsa Cos Cos a thug beocht don fhéile sa bhliain 2007. Leanann muintir Cos Cos iomlán dílis do stíl an tsean-nóis agus iad ag taisteal ar fud na tíre ag damhsa agus ag comhoibriú le healaíontóirí ilghnéitheacha.
I mbliana ag an deireadh seachtaine spleodrach seo, beidh muintir na háite i gcuideachta le scoth na gceoltóirí, damhsóirí, portairí agus filí ag ceardlanna, taispeántais, comórtais agus ag céilithe.
Cuirfear tús leis an gcraic oíche Aoine ag an gceolchoirm mhór ina mbeidh leithéidí Johnny Connolly, Meaití Jó Shéamuis, Sibéal Davitt, Tura Arutura, damhsóírí Cos Cos agus níos mó ag damhsa agus ag casadh. Maidin Shathairn beidh ceardlanna éagsúla á reáchtáil i Halla Rath Chormaic ó 11am – 4pm - damhsa ar an sean-nós le Sibéal Davitt, bosca ceoil le Johnny Connolly, amhránaíocht ar an sean-nós le Meaití Jó Shéamuis O’Fatharta agus ceardlann bhodhráin le Junior Davey agus neart ceoil á chasadh acu don chuid eile den lá. Ansin Dé Domhnaigh, reáchtálfar comórtas mór damhsa ar an sean-nós amuigh faoin aer i lár an bhaile. Is féidir breathnú ar chlár na Féile anseo.
Táthar ag súil go meallfar slua mór go baile aoibhinn Ráth Chormaic leis an gceol binn a shú isteach agus chomh maith leis sin cos a bhualadh le talamh le haghaidh steip bhreá shean-nósach a thriail!
© Foilsithe ar Gaelport.com - 1 Bealtaine 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:
Laochra agus Larkin le ceiliúradh ag Scoil Scairte Larkin
Lean an scéal seo agus @Gaelport.com ar Twitter: #Gaeilge #CosCos