Tá an Samhradh tagtha arís agus ar an Domhnach seo chugainn, 6 Bealtaine beidh Tóstal na Gaillimhe á reáchtáil i mBóthar na Trá i nGaillimh.
Beidh lá iontach lán d’imeachtaí farraige á reáchtáil áit a mbeidh rásaí curacha agus beidh neart bádóirí agus ag na húicéirí idir bháid mhóra, leathbháid agus ghleoiteogaí ag dul chun farraige ar an lá.
Mar aon leis na rásaí curaí beidh neart imeachtaí éagsúla eile ar siúl ar talamh tirim - ina measc beidh comórtas caisleán gainimh do ghasúir agus tarraingt téada do na daoine fásta. Beidh foirne ag teacht as Co. an chláir, Dún n nGall, Conamara, Ciarraí, Luimneach, Corcaigh i gcomhar na rásaí ar an lá.
Beidh ceol agus craic san Office Bar i mBóthar na Trá níos déanaí sa tráthnóna leis an amhránaí Cairíona Ní Cheannbháin agus banna ceoil.
Beidh na himeachtaí ar siúl ar Thrá na mBan os comhair Óstán Chuan na Gaillimhe i mbóthar na Trá i nGaillimh. Tá míle fáilte roimh chách
Tuilleadh eolais : Tel: 087 2065 689 / www.antostalsalthill.com
© Foilsithe ar Gaelport.com - 1 Bealtaine 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Foirne Gaeltachta ag ullmhú do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2012
Féile Chomórtha Joe Éinniú 2012
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #AnTostal