Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Eagrais Ghaeilge aontaithe i gcoinne na Samhla Nua Maoinithe

$
0
0

Tá míshástacht na n-eagraíochtaí atá bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge léirithe go poiblí arís agus arís eile maidir leis an tSamhail Nua Mhaoinithe féin, agus leis an bpróiseas a bhain léi. Dar leis na heagrais bhunmhaoinithe go bhfuil sé beartaithe ag an bhForas deireadh a chur le bunmhaoiniú an 19 eagras atá faoina scáth, gan dul i gcomhairle leis an earnáil d’fhonn staid reatha na hoibre a fhiosrú chun teacht ar mhodhanna nua oibre. Tá sé curtha in iúl go lom ag na heagrais nach mbeidh siad in ann feidhmiú gan bhunmhaoiniú. Chuir Foras na Gaeilge tús le hathbhreithniú  ar mhaoiniú na nEagras chomh fada siar le 2008 agus mhol an Foras ‘Samhail Nua Mhaoinithe’ d’earnáil na Gaeilge.  Faoin tSamhail déanfar an maoiniú a dháileadh laistigh d’ocht scéim.  I measc na scéimeanna siúd beidh: scéim abhcóideachta, scéim áiseanna foghlamtha, scéim na nEalaíon, Scéim Óige, Scéim Raidió Pobail, Scéim Tacaíochta Oideachais, Scéim Réamhscolaíochta agus Scéim Tacaíochta Pobail. Tuigtear go mbeidh ciorrú mór ar líon na n-eagras Gaeilge mar gheall ar an tSamhail Nua Mhaoinithe seo, toisc nach mbeidh ach aon eagraíocht amháin (nó líon teoranta eagraíochtaí), ag cur gach scéime i gcrích.   Is é an léamh atá ag na heagrais ar an tSamhail seo ná gur léir gur mian le Foras na Gaeilge obair na Gaeilge a dhéanamh feasta trí thairiscintí a lorg ar líon teoranta scéimeanna nach mairfeadh ach ar feadh trí bliana.   Deirtear sa ráiteas go bhfuil an bhuairt ann go ndéanfaidh cur chuige ar bhonn córas scéimeanna iomaíocha dochar “tromchúiseach, do-leasaithe don Ghaeilge” sna blianta amach romhainn. Ar na pointí i gcoinne mholadh an Fhorais a n-áiríonn na heagrais tá: - Is eagraíochtaí pobail iad na heagraíochtaí bunmhaoinithe. Glacann cuid mhór daoine páirt iontu agus bíonn go leor eile ag brath orthu chun tacaíocht a thabhairt dóibh  maidir le hionad na Gaeilge a threisiú ina saol. Murab ionann agus an saol tráchtála mar a gcuirtear seirbhísí ar conradh, ní oirfeadh cur chuige ar bhonn tairiscintí chun freastal ar riachtanais an phobail ó thaobh na Gaeilge de. - Téann moladh an Fhorais glan i gcoinne choincheap na pleanála teanga agus an riachtanas go mbeadh leanúnachas i soláthar seirbhísí.   - An acmhainn is mó atá ag na heagraíochtaí ná an fhoireann atá ag obair dóibh. Faoi réir mholadh an Fhorais, áfach, bheadh ar gach eagraíocht scaoileadh leis na fostaithe acu a bhfuil a bpostanna á maoiniú ag an bhForas. Thar oíche, chaillfí saibhreas na mblianta de dhúthracht agus de thaithí. Ní fhéadfadh riamh go mbeadh an saineolas ná an taithí céanna ag oibrithe ar conradh. Ina theannta sin, dhéanfaí scrios ar an nGaeilge mar rogha gairme do dhaoine amach anseo.   Chuir na heagrais bhunmhaoinithe in iúl ina gcomhráiteas go n-aithníonn siad an gá atá le forbairt agus le cuíchóiriú ar mhaithe leis na torthaí is fearr a bhaint amach, ar an luach airgid is fearr, ach nach bhfeictear dóibh go mbeidh luach ar airgead á sholáthair trí na scéimeanna nua.  Deir na heagrais go bhfuil siad lán sásta obair i bpáirt leis an bhForas chun teacht ar mhúnlaí nua oibre a rachadh chun tairbhe na Gaeilge ar fud na hÉireann. I measc siúd atá luaite leis an gcomhráiteas tá na heagraíochtaí seo a leanas: Altram, An tÁisaonad, An tOireachtas, Comhaltas Uladh, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Cumann na bhFiann, Forbairt Feirste, Forbairt Naíonraí Teoranta, Gael Linn, Gaelscoileanna, Glór na nGael, Iontaobhas Ultach, Pobal, Raidió Fáilte agus Raidió na Life. Tá an 19 n-eagraíocht aontaithe nach mbeidh d’acmhainn acu feidhmiú gan an maoiniú bliantúil.   Tá molta ag na heagrais d’Fhoras na Gaeilge meicníocht idirbheartaíochta a aontú leo le teacht ar chóras nua maoinithe a thacóidh agus a spreagfaidh an Ghaeilge sa phobal ar bhonn pleanáilte agus aontaithe. Is féidir an comhráiteas iomlán a léamh ag an nasc seo: Comhráiteas na nEagras - 17.01.12.pdf © Foilsithe ar Gaelport.com 24 Eanáir 2012

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>