Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Cór Chúil Aodha ag Féile Thraidisiúnta Bharra an Teampaill

$
0
0

Mar chuid d’fhéile na bliana seo beidh an banna ceoil clúiteach The Dubliners ag dul chun  stáitse in Ardeaglais Theampall Chríost ar an 27 agus 28 Eanáir agus iad ag ceiliúradh 50 bliain den bhanna i mbliana. Mar aon le ceolchoirmeacha beidh seisiúin cheoil ar siúl ar fud na cathrach. I measc na gceoltóirí beidh an banna ceoil bríomhar 'Éile' ó Laurel Hill Coláiste FCJ, Luimneach, grúpa, ceoil den scoth a bhuaigh Siansa Gael Linn 2011.  Beidh na mná óga ar stáitse ag 1 a chlog i Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath ar an Satharn, 28 Eanáir agus beidh an cheolchoirm seo saor in aisce. I measc na gceoltóirí eile a bheith páirteach i bhféile na bliana seo beidh an t-amhránaí clúiteach leis an mbanna ceoil Clannad,  Máire Ní Bhraonáin agus an ceoltóir Cormac De Barra. Ag seinm freisin beidh an fidléir Frankie Gavin agus beidh Seán Ó Riada mar aon le Cór Chúil Aodha ag canadh i Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath ar an Satharn, 28 Eanáir 2012. I measc na gceoltóirí eile a bheith ag seinm beidh Tommy Sands, an Píobaire clúiteach as Baile Átha Cliath, Mick O’ Brien an t-amhránaí Lisa O'Neill mar aon le oíche chultúrtha agus amhráin le Noel O’ Grady ar son Pecker Dunne. Beidh an t-amhránaí aitheanta Cathy Jordan ag canadh sa Button Factory ar an 26 Eanáir agus beidh an ceoltóir óg cumasach Edel Fox ar stáitse i Halla na Cathrach i rith an lae agus beidh an banna ceoil traidisiúnta Inish Turk Beggers ag seinm ar 27 Eanáir 2012. Beidh neart ceoil eile ar siúl in ionaid éagsúla i mBarra an Teampaill. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na himeachta le linn Fhéile na bliana seo téigh chuig an suíomh gréasáin seo a leanas: www.templebartrad.com. ©Foilsithe ar Gaelport.com  24 Eanáir 2012

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>